Shanna Ní Rabhartaigh agus Gillian Nic Ionmhain a d'aistrigh
Lá amháin, agus é ar an traein abhaile lena mhamó, feiceann Julian triúr ban gealgháireach atá gléasta go maisiúil galánta. Tá a gcuid gruaige ildaite á séideadh sa ghaoth agus ag bun a ngúnaí tá eireaball éisc. Tá a gcuid áthais tógálach. Nuair a bhaineann Julian an teach amach tá sé fós ag smaoineamh ar an splanc draíochta a chonaic sé ar an traein. Ba mhaith leis gléasadh suas mar mhaighdean mhara ar nós na mban sin ar an traein, agus cromann sé ar a fheisteas snasta féin a chur le chéile.
Ach cad a shílfidh Mamó nuair a fheicfidh sí go bhfuil an teach curtha bunoscionn aige? Nó ceist níos tábhachtaí eile, b’fhéidir. Cad a shílfidh sí den dóigh ar mhian le Julian é féin a chur in iúl?