Ar aghaidh linn le Téarma.ie

Seoladh leagan úr den suíomh www.téarma.ie, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge ag ócáid seolta i gceannáras Fhoras na Gaeilge inniu. D'fhorbair Fiontar & Scoil na Gaeilge, OCBÁC, an leagan seo den suíomh le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

Is ardán é www.téarma.ie chun saothar an Choiste Téarmaíochta a fhoilsiú, saothar a chuimsíonn réimse leathan ábhar teicniúil ón ríomhaireacht chomhaimseartha go dtí an tseoltóireacht thraidisiúnta. Tá timpeall 185,000 iontráil dhátheangach sa bhunachar atá ar cheann de na hacmhainní digiteacha Gaeilge is mó úsáid ó céadseoladh é breis agus deich mbliana ó shin. Rinneadh breis agus 7.5 milliún cuardach ann i gcaitheamh 2018.

athdhearadh déanta ar stíl an tsuímh ar bhealach glan comhaimseartha atá ag teacht le hacmhainní teanga eile Fhoras na Gaeilge. Suíomh oiriúnaitheach é seo a oibríonn go saoráideach ar ghléasanna móibíleacha, e.g. fón póca nó ríomhaire táibléid.

Tá áis nua ar an leathanach baile a liostaíonn iontrálacha a cuireadh leis an mbunachar le déanaí, e.g. bus oscailte, gealach na fola, teorainn réidh, tionchaire, agus latte spíosrach puimcín. Áis nua eile is ea an liosta réimsí is féidir a bhrabhsáil,  bealach eile chun dul i ngleic le stór eolais an bhunachair.

Tá áis nua ag gabháil le téarmaí sna torthaí cuardaigh anois a chruthaíonn nascacht idir www.téarma.ie agus acmhainní teanga eile (i.e. www.foclóir.ie, www.teanglann.ie, www.gaois.ie agus Nua-Chorpas na hÉireann).

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Le breis agus 10 mbliana anuas, ó cuireadh suíomh gréasáin téarmaíochta ar fáil den chéad uair don phobal, tá athrú as cuimse ag teacht ar chúrsaí téarmaíochta agus foclóireachta na Gaeilge, ar bhealach nach bhféadfaí a shamhlú sa tréimhse ghairid ama sin. Ní hamháin go léiríonn an claochlú sin an saineolas teangeolaíochta inár measc, ach léiríonn sé an saineolas teicneolaíochta agus an chomhpháirtíocht freisin. Tá comhar an-tairbheach idir Foras na Gaeilge agus institiúidí tríú leibhéal sna tograí  foclóireachta agus téarmaíochta seo a fhágann gur féidir linn nithe a bhaint amach nach mbeadh indéanta againn inár n-aonar. Is mian liom buíochas a ghabháil le Fiontar & Scoil na Gaeilge, OCBÁC, go háirithe maidir leis an tionscadal seo. Is mian liom buíochas ar leith a ghabháil le baill an Choiste Téarmaíochta a thugann a n-am agus a saineolas go fial flaithiúil dúinn, agus a bhfuil toradh na hoibre le feiceáil sa suíomh nua seo.”

Críoch

 

Nóta don eagarthóir: 

Tá na forbairtí nua seo a leanas déanta ar www.téarma.ie:                                                                                                

  • Bunachar téarmaíochta ilteangach le timpeall 185,000 coincheap                                                                                                
  • Cuardach tapa téacs a thugann torthaí beachta agus torthaí gaolmhara
  • Cuardach casta chun cuardaigh níos sainiúla a dhéanamh
  • Brabhsáil de réir réimse, e.g. Ríomhairí, Ríomheolaíocht
  • Nascacht le hacmhainní teanga eile, i.e. foclóir.ie, www.teanglann.ie, www.gaois.ie, Nua-Chorpas na hÉireann
  • Sonraí téarmaíochta ar fáil le híoslódáil i bhformáid TBX & TXT
  • Foirm fiosraithe téarmaíochta chun téarmaí nua a iarraidh ar an gCoiste Téarmaíochta.
  • Cód foinseach oscailte

 

Anuas ar na forbairtí thuasluaite, tá ath-innealtóireacht ó bhonn déanta ar chóras bainistíochta téarmaíochta www.téarma.ie, gné den tionscadal nach bhfeiceann an pobal ach atá riachtanach chun sonraí an bhunachair a stóráil agus a chur in eagar. Mar chuid den obair seo, seolfaidh Fiontar & Scoil na Gaeilge, OCBÁC, leagan poiblí néalbhunaithe den chóras bainistíochta téarmaíochta nua seo faoin ainm Terminologue ag www.terminologue.org i mí Aibreáin 2019. Cuirfidh an tseirbhís nua seo ar chumas úsáideoirí bunachair théarmaíochta dá gcuid féin a fhorbairt agus a fhoilsiú ar líne, gan aon chostas. Anuas air seo, déanfar cód foinseach www.téarma.ie agus Terminologue a scaoileadh ar github.com/gaois go luath.

Cuireadh cur i láthair onamaiseolaíochta (téarmeolaíochta) i bhfeidhm sa leagan nua seo sa mhéid is go gcuirtear na torthaí cuardaigh i láthair bunaithe ar an gcoincheap, agus go mbíonn an téarma a chuardaítear liostaithe faoi choincheapa éagsúla. Sa leagan roimhe seo, cur i láthair séimiseolaíochta (foclóireachta) a bhí i gceist inar leagadh amach bríonna éagsúla an téarma faoi cheannfhocal. Ba é an phríomhsprioc a bhí leis an athrú seo idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir www.téarma.ie mar fhoinse téarmaí teicniúla agus acmhainní foclóireachta eile a phléann le gnáthfhocail.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie