Comórtas Beo 2019

comórtas Beo dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois agus é mar aidhm aige bannaí ceoil óga Éireannacha a chumasú agus suim sa cheol a spreagadh i measc na hidirbhliana agus daoine óga.

An féidir linne cur isteach air

Fáiltítear roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, cumainn CCÉ, Ógras, Spleodar, Foróige etc, ó thuaidh agus ó dheas, thoir agus thiar, a fhad agus go gcloítear leis an gcoinníoll i dtaobh aoise.  

Anuas air sin:

  • Caithfidh an t-amhrán bheith nuachumtha agus i nGaeilge
  • Caithfidh gach iarrthóir bheith faoi 18 agus thar 11 ar an 31/10/2019. 
  • Is féidir meantóir thar 18 treoir agus comhairle a chur ar fáil
  • Is do dhuine fásta bheith in éineacht le haon ghrúpa atá le páirt a ghlacadh sa chraobh ar an 31 Deireadh Fómhair.
  • Níor chóir go mbeadh níos seachtar in aon bhanna amháin
  • féidir leis an amhrán bheith níos faide 5 nóiméad ar fhad.
  • Caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chur i láthair beo ag babhta ceannais an chomórtais ag Oireachtas na Samhna 2019. 
  • Beidh ar gach iarratas físeán (nach rachaidh thar teorainn 8 nóiméad) a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi scríobh an amhráin.
  • Iarrtar ar ghrúpaí cruthúnas a chur ar fáil maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta le poiblíocht a fháil don togra sna meáin shóisialta (Facebook, Twitter, Snapchat, Instagram agus ar ardáin eile ar na meáin shóisialta).
  • Roghnófar uasmhéad de 8 mbanna le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais an chomórtais.

an togra oiriúnach do ghrúpa ach go háirithe mar gur féidir le baill éagsúla an ghrúpa de dhíth le díriú ar na gníomhaíochtaí seo a leanas

  • Cumadh an amhráin
  • Ceol a chur leis
  • Físeán a ullmhú
  • Scaip an scéal ar na meáin shóisialta
  • An cur i láthair a eagrú don bhabhta ceannais

Córas Moltóireachta:

Dáilfear marcanna ar na gnéithe seo le hiarratais a roghnú don bhabhta ceannais:

  1. An t-amhrán – 50% 
  2. An físeán YouTube– 30% 
  3. Iarrachtaí eile le poiblíocht a fháil don amhrán ar na meáin shóisialta – 10%
  4. Gníomhaíochtaí an ghrúpa tacaíochta – 10%

Spriocdháta agus próiseas:

1.  Spriocdháta le hiarratas a chlárú agus físeán (nasc d'fhíseán YouTube) a sheoladh isteach go leictreonach14 Deireadh Fómhair 2019,  5.00 p.m

2. Babhta ceannais an chomórtaisLe linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Samhna, san Óstán Citywest, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 31 Deireadh Fómhair (beidh ar ghrúpaí a cháilíonn don bhabhta ceannais a bheith ann ó am lóin an sin do thástálacha fuaime). 

Foirm iarratais:

Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais anseo: Foirm Iarratais Beo 2019 agus mór foirmeacha a líonadh amach ina n-iomláne agus a sheoladh chuig snicgearailt@forasnagaeilge.ie roimh an 14 Deireadh Fómhair 2019, 5.00 p.m

Is faoi gach iarrthóir atá deimhniú go bhfaigheann Foras na Gaeilge an t-iarratas faoin spriocdháta

Ceisteanna agus tuilleadh eolais:

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Sinéad Nic Gearailt ag 353-1-6398464 ag snicgearailt@forasnagaeilge.ie le tuilleadh eolais a fháil.