Ceachtanna spraíúla ó Raidió na Life do pháistí bunscoile do Sheachtain na Gaeilge!

Tá Raidió na Life ag cur an ‘Spraoi’ isteach i gceachtanna trí Ghaeilge do pháistí scoile an tseachtain seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2022, agus glúin nua de láithreoirí raidió Gaeilge á spreagadh chun an teanga a labhairt ar na haerthonnta! 

Mar chuid den tionscadal seo, tá sraith spraíúil d’acmhainní foghlama ar líne á cur ar fáil ag Raidió na Life saor in aisce do Ghaelscoileanna, agus do scoileanna nach Gaelscoileanna iad freisin. Beidh scileanna raidió á múineadh do pháistí agus an Ghaeilge á cur chun cinn ar bhealach spraíúil, taitneamhach, a mheallfaidh an ghlúin óg chun an teanga a úsáid agus iad ina réaltaí raidió!  

 

Is tionscadal é SPRAOI Raidió na Life a thugann deis do pháistí bunscoile an Ghaeilge a úsaid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil. Tugann sé ardán freisin do pháistí a gcuid guthanna a bheith le cloisteáil ar an raidió. Beidh deis ag na páistí cur lena gcuid scileanna cumarsáide; lena gcuid féinmhuiníne; agus an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhach agus spreagúil, mar aon lena gcuid saothair a chraoladh ar Raidió na Life 106.4FM.  

 

Tá na hacmhainní foghlama á gcur ar fáil saor in aisce ag Raidió na Life le húsáid i seomraí ranga ar fud na tíre. Gheofar treoracha ar conas iad seo a úsáid sna cáipéisí 'Acmhainní do Mhúinteoirí' agus 'Teaching Resources' atá ceangailte leis an ríomhphost seo. Má tá cabhair bhreise ag teastáil ó mhúinteoirí, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig spraoi@raidionalife.ie. Le tacaíocht ó fhoireann SPRAOI, spreagfar múinteoirí le taifeadadh a dhéanamh leis na páistí sa seomra ranga nó sa chlós scoile, agus craolfar na taifeadtaí seo ar Raidió na Life don saol mór le cloisteáil! 

 

Tá tionscadal SPRAOI forbartha le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann, leis an táille ceadúnais teilifíse, agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.