Céard é PEIG.ie?

Creidim Ionat

Áis ar líne is ea PEIG.ie, a chuireann gach aon eolas faoin nGaeilge ar fáil in aon áit amháin – suíomh gréasáin inar féidir le duine eolas reatha a fháil ar ghnéithe saoil comhaimseartha le Gaeilge. Bíonn eolas ann faoi scéalta nuachta, imeachtaí, folúntais, gnóthlachtaí, lárionaid chultúrtha, ranganna Gaeilge agus gnéithe eile de shaol na Gaeilge.

Is iad imeachtaí, folúntais, an t-eolaire gnó agus an cnuasach eolais croílár PEIG.ie.

Is féidir imeachtaí trí Ghaeilge atá ar siúl i do cheantar, timpeall na tíre agus thar lear a fheiceáil go héasca ar an léarscáil ar leathanach baile PEIG.ie. Is anseo a gheobhaidh duine eolas ar na ciorcail chomhrá atá ar siúl ar fud na tíre agus thar lear. Feictear freisin ar an bpríomhleathanach achoimre ar phríomhscéalta nuachta an lae ó fhoilsitheoirí éagsúla cosúil le Tuairisc.ie, NÓS.ie, agus MeonEile.ie.

Roinntear folúntais reatha in eagraíochtaí éagsúla ar an suíomh is féidir a fheiceáil agus a chuardach, poist ina bhfuil an Ghaeilge ina riachtanas nó ina buntáiste dóibh. Anuas ar sin, is féidir eolas a fháil ar na lárionaid Ghaeilge atá scaipthe ar fud na tíre, ag cur scoth na seirbhísí Gaeilge ar fáil do phobal na háite – cosúil le ranganna, ciorcail chomhrá, seomraí cruinnithe agus an t-uafás eile.

Má tá fonn siopadóireachta ort, is féidir an t-eolaire gnó a chuardach do ghnóthlachtaí timpeall na tíre a chuireann seirbhís as Gaeilge ar fáil dá gcustaiméirí.

Chomh maith leis na seirbhísí thuasluaite, bíonn an-tóir ar an inneall cuardaigh do shloinnte Gaeilge atá ar PEIG.ie. Cabhraíonn seo le daoine teacht ar leagan caighdeánach Gaeilge ar shloinne agus conas é a úsáid i gceart.

Cuirtear leis an eolas ar PEIG.ie i gcónaí – ón eolas a thagann go díreach ón bpobal nó ó fhoireann PEIG.ie féin. Foilsítear ailt nua go rialta ar ábhair reatha cosúil le háiteanna le dul ar saoire, leideanna le post trí Ghaeilge a fháil, nó áiseanna úsáideacha nua don fhoghlaimeoir.

Scaiptear nuachtlitir laethúil freisin, mar ríomhphost agus ar WhatsApp, le hachoimre ar scéalta nuachta, imeachtaí, folúntais agus gnóthaí an lae.

Tá gach eolas faoin nGaeilge ar fáil in aon áit amháin, PEIG.ie.

leagan Béarla dár suíomh ar fáil freisin.