Ceardlann Idirnáisiúnta TOTh 2019: Ceapadh téarmaí

Glao ar achoimrí

Cé gur minic a ndéantar faillí ann sa dioscúrsa ar obair théarmeolaíochta, tugann staidéar ar phrionsabail, modhanna, cur chuige agus stíleanna cheapadh na téarmaíochta i dteanga(cha) faoi leith léargais luachmhara ar iompar teangacha maidir le coincheapa a ainmniú, go háirithe i sainréimsí eolais. Is follas iompar éagsúil go háirithe agus comparáid á déanamh idir téarmaíocht teangacha ó fhinte teangacha atá éagsúil go maith óna chéile. Agus is minic a tharraingíonn cineálacha cur chuige i leith ceapadh téarmaíochta plé gleoiréiseach laistigh de phobail teangacha: má bhreathnaítear ar an gcaoi a nglacann úsáideoirí le téarmaí nó a bhféachann siad orthu ní hannamh na torthaí frithráiteach.

Dá réir sin, fáiltímid rompu siúd ar spéis leo an t-ábhar chuig ceardlann (nó seimineár) lae chun tírdhreacha ceapadh téarmaíochta i dteanga amháin nó trasna teangacha a iniúchadh agus a phlé. Agus plódú téarmaí ón mBéarla isteach i dteangacha eile á chur san áireamh, an bhfuil nithe ann a d’fhéadfaimis a fhoghlaim óna chéile faoi na bealaí a gceaptar téarmaí nua inár dteangacha éagsúla?

Más spéis leat páipéar a thairiscint do Cheardlann TOTh 2019, ba chóir achoimre 2-3 leathanach, mar aon le leabharliosta, ina rianófar éirim an pháipéir a chur i mBéarla, Fraincis nó Gaeilge chuig workshop2019@toth.condillac.org faoin 9 Lúnasa 2019. Deimhneofar glacadh na bpáipéar faoin 15 Meán Fómhair.

Cé go bhfuil sé riachtanach clárú don cheardlann, ní bheidh aon táille le híoc acu siúd a mbeidh páipéir á dtabhairt acu. Déanfaidh Foras na Gaeilge lónta agus ócáid shóisialta a óstáil, agus is gá do rannpháirtithe, cainteoirí san áireamh, a gcuid costas taistil agus lóistín féin a sheasamh.

Cuirfear sonraí breise faoin gceardlann ar fáil níos gaire don am ag http://toth.condillac.org/workshop-2019 agus is féidir fiosruithe a chur chuig docroinin@forasnagaeilge.ie