Céim Stairiúil do Phobal Labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Don chéad uair i stair na hÉireann bronnfar aitheantas oifigiúil náisiúnta ar phobail taobh amuigh den Ghaeltacht a thacaíonn le húsáid laethúil na Gaeilge i measc a bpobal.
Tá cúig phobal roghnaithe: Béal Feirste, Co. Aontroma; Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe; Carn Tóchair, Co. Dhoire; Cluain Dolcáin, Co. Átha Cliath; agus Inis, Co. an Chláir, le hiarratas a dhéanamh chuig an Aire an stádas oifigiúil ‘Líonra Gaeilge’ a bhaint amach.
Bronnfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an stádas ‘Líonra Gaeilge’ ar na pobail, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain (Acht na Gaeltachta, 2012), a bheith comhaontaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.
Tá feachtas poiblíochta cruthaithe chun an pobal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go laethúil. ‘Gaeilge le Chéile’ - Trí Chéim Shimplí: Gaeilge a úsáid - Gach Lá, Gach Áit, le Gach Duine
“Go bunúsach táimid ag iarraidh go mbeidh níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil sa cheantar tríd níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú le rud simplí ar nós ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán’ a úsáid gach lá, gach áit le gach duine. Bainfidh na ceantair seo tairbhe as próiseas pleanála agus as infheistíocht sa todhchaí dá bharr”, Brian Ó Gáibhín, Líonra Chluain Dolcáin.
Seoladh ‘Gaeilge le Chéile’ agus na ‘Líonraí Gaeilge’ go hoifigiúil ar an Déardaoin 22 Feabhra 2018 i bPáirc an Chrócaigh ag 11 a.m. agus bhí Bernard Dunne i láthair mar aoi speisialta. Bhí an tAire Joe McHugh TD i láthair ar an lá fosta.
Tuilleadh Eolas:
Brian Ó Gáibhín: +353-87-2844195 / brian@araschronain.ie
Pádraig Ó Tiarnaigh: +44-77-16690237 / Padraig@cnag.ie
Féach fósta: www.glc.ie / Facebook / Instagram / Twitter - @ GaeilgeLC
Aguisín: ACHT NA GAELTACHTA, 2012
11.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, pobal sonraithe, seachas pobal i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i limistéar Gaeltachta, a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.
(2) Maidir le pobal a shonrófar in ordú arna dhéanamh faoi fho- alt (1),
is pobal é—
(a) a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus
(b) a chomhaontaigh plean Gaeilge dá dtagraítear a chur i ngníomh.
Aguisín 2:
Bronnfaidh Foras na Gaeilge an stádas ‘Líonra Gaeilge’ ar na pobail i dTuaisceart Éireann, tar éis plean Gaeilge, plean a bheas le cur i ngníomh thar thréimhse 5-7 bliain, a bheith comhaontaithe ag Foras na Gaeilge.