#CéMuid: Anna Lee

Tá feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Anna Lee a chur in aithne daoibh!

Réimse: Acmhainní Daonna

Ionad (ag léiriú ár n-oifigí éagsúla): Sráid Amiens, Baile Átha Cliath

Ról: Bím ag plé le ceisteanna foirne, cúrsaí earcaíochta agus gach gné de réimse na n-acmhainní daonna thuaidh agus theas. Dár ndóigh i mbliana cuireadh gné iomlán nua le mo chlár oibre de bharr géarchéim COVID-19 agus tá cuid mhór foghlamtha agam dá bharr

An ghné den obair is mó a thaitníonn leat: An deis a fhaighim plé le gach ball foirne agus aithne a chur orthu. Taitníonn obair thrasrannóige go mór liom freisin, e.g. an plé a bhí agam ar feadh tréimhse leis an meitheal chumarsáide. Gné eile a thaitníonn liom ná an plé a bhíonn agam le heagrais trasteorainn eile agus an comhoibriú agus an plé a bhíonn eadrainn maidir le hacmhainní daonna. Is maith liom freisin cuairt a thabhairt ar na hoifigí eile atá againn le plé le baill foirne agus le labhairt leo.

Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge?: Is dócha go dtacaím leis an bhfoireann i gcoitinne mar chuid de sheirbhísí corparáideacha Fhoras na Gaeilge agus tá an fhoireann sin ag obair mar dhlúthchuid den iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn.

Pleananna i do réimse amach anseo: In 2021 is dócha go mbeidh seo ag brath go mór ar cad é a thiteann amach maidir le COVID-19 ach ag súil le forbairtí a dhéanamh sa réimse agus a bheith ag plé go leanúnach leis an bhfoireann agus muid ag cur chun cinn na Gaeilge. Samhlaím go mbeidh cúrsaí oiliúna tábhachtach de bharr an athraithe atá tagtha ar an saol i mbliana agus dá réir ar mhodhanna oibre etc.