#CéMuid: Sarah Walsh
Tá feachtas nua tosaithe ag an bhForas le baill foirne a chur in aithne don phobal. Ba mhaith linn Sarah Walsh a chur in aithne daoibh!
Réimse: Léitheoireacht & Foilsitheoireacht
Ionad: Clár na Leabhar Gaeilge
Ról:
Oifigeach cléireachais:
- Úsáid na Gaeilge a chur chun cinn,
- Measúnú ar na hiarratais agus deontais a bhronnadh bunaithe ar na torthaí ón measúnú seo,
- Bainistíocht ar na deontaithe atá ag feidhmiú faoi na scéimeanna agus na cistí,
- Athbhreithniú a dhéanamh ar na scéimeanna agus na cistí,
- Plé a dhéanamh ar na moltaí sin agus na hathruithe sin a chur i bhfeidhm,
- Pleananna a réiteach agus a aontú chun obair Chlár na Leabhar Gaeilge a chur i gcrích.
Cén ghné den obair is mó a thaitníonn leat?: Is maith liom a bheith ag obair leis na deontaithe agus ag cuidiú leo leis an obair atá á déanamh acu agus an Ghaeilge a chur chun chinn.
Conas a thacaíonn do chuid oibre le cur chun cinn na Gaeilge?: Táimid ag tacú leis na heagraíochtaí a chuireann foilseacháin Ghaeilge ar fáil agus na tionscadail a chuireann chun cinn an Ghaeilge.
Cad iad na pleananna atá i do réimse amach anseo?: Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh ag cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge agus ár smaointe a fhorbairt a chuirfeadh lenár gcuid oibre.