Comórtas Beo 2019!

Cuireadh Comórtas Beo ar siúl le linn Oireachtas na Samhna, in Óstán Citywest, ar an 31 Deireadh Fómhair 2019. Rinne TG4 an comórtas a thaifeadadh agus a chraoladh ar líne agus tá sé le feiceáil anseo ar chuntas Youtube Fhoras na Gaeilge. Rinne go leor daoine an-obair leis an gcomórtas seo a chur ar siúl agus tá sé le feiceáil go raibh caighdeán na hócáide an-ard ar fad. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Louise Ní Dháibhéid agus leis an Oireachtas as ucht a gcuid saineolais agus cúnaimh agus an ócáid seo á eagrú againn ina dteannta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil chomh maith le TG4, le láithreoir na hoíche Niamh Ní Chróinín, na moltóirí ag a raibh cinneadh fíordheacair le déanamh acu: Sinéad Ní Uallacháin, Cian Mac Cárthaigh agus Richie Ó hEaghra, le bainisteoir forbartha Choláiste na bhFiann, Barra Mac Thiarnáin, agus muintir Choláiste na bhFiann féin, le hardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus le foireann Fhoras na Gaeilge as ucht na hoibre ar fad a chuireadar isteach leis an gcomórtas a ullmhú.

Ba mhaith linn buíochas ar leith a ghabháil leis na hiomaitheoirí a chuir isteach ar an gcomórtas. Comhghairdeas leo ar fad, go háirithe le Clióna McDonald, Coláiste Naomh Feargal, Jessica Dingle, Scoil John Scottus, agus Coláiste na Maighne, ar éirigh leo an chéad áit, an dara háit agus an tríú háit a bhaint amach sa chomórtas.

https://www.youtube.com/watch?v=C_0avrc7u3A