Comórtas na Leabhar Gaeilge – Mí na Bealtaine

Duaisleabhar na Míosa

Iomramh Bhréanainn MMXI Ón Daingean go hÍoslainn

le Domhnall Mac Síthigh

Foilsitheoir: An Sagart

Danny agus captaen oilte eolgaiseach an luaimh Ar Seachrán a spreag na mairnéalaigh agus na hoilithrigh eile dul an tslí go léir go dtí an Íoslainn. Cuirimid aithne phearsanta ar an údar, agus a bheag nó a mhór ar an chomhbhádóirí.

 

Ó thaobh an údair de, faighimid léas ar an idéal a spreag é, ar mar a chuaigh imeachtaí an iomraimh i bhfeidhm air, mar a scanraigh an chéad stoirm é, mar a mheall an soineann é, mar a chuaigh cránas Bhréanainn is na seanmhanach i bhfeidhm air, mar a sháraigh sé na fadhbanna a bhain le bheith cuachta ina bhunc istoíche le compánaigh a bhí ag sranntarnaigh mar cheol fhoireann agus na héinne acu á cheapadh ná raibh aon pháirt acu sa cheolfhoireann ná sa ghnúsachtach mar a tharlaíodh.

 

Conas an leabhar a bhuachan?

 

1.       Freagair an cheist

2.       Cuir d'ainm ar ár liosta poist

 

Spriocdháta le haghaidh iarratais: 1pm Dé hAoine, 27 Bealtaine 2022