Conas páirt a ghlacadh?

Tugann aistear spreagúil Creidim Ionat, misneach agus lámh chúnta do dhaoine ar mhaith leo a bheith ina gcainteoirí Gaeilge. 

Conas is féidir leatsa a bheith rannpháirteach?

Más mian leat a bheith i do chainteoir Gaeilge, seo í do dheis! Aimsigh cainteoir Gaeilge ar na meáin shóisialta nó i do shaol féin a thabharfaidh misneach agus tacaíocht duit mar mheantóir. Mínigh cad é gur mhaith leat a bhaint amach agus aontaigh ar sprioc a bheidh bainte amach roimh dheireadh an fheachtais ar an 11 Samhain 2022.

Roghnaigh páirtnéir!

Aontaigh sprioc le do pháirtnéir. Fógair an sprioc sin ar na meáin shóisialta agus tosaigh ar an aistear. Bain úsáid as agus lean haischlib #CreidimIonat le do dhul chun cinn a roinnt le pobal spreagúil, domhanda ar líne!

Aontaigh sprioc!

Lean an haischlib #CreidimIonat ar na meáin shóisialta chomh maith le cuntais @ForasnaGaeilge agus @RTE le bheith mar chuid de phobal gníomhach a thabharfaidh misneach dá chéile!

Lean #CreidimIonat

Cláraigh linn don nuachtlitir a choinneoidh tú ar an eolas faoin bhfeachtas agus faoi hacmhainní teanga is fearr. Seolfar mála earraí bolscaireachta Chreidim Ionat chuig an chéad 100 duine a chláraíonn linn!

Comórtas!

Má tá Gaeilge agat, is féidir leat do thacaíocht a thairiscint mar mheantóir do dhuine eile, nó do ghrúpa a bhfuil spéis acu sprioc a bhaint amach ó thaobh na Gaeilge. Ní gá gur foghlaim nó teagasc foirmeálta na Gaeilge a bheadh i gceist – aontaigh ar sprioc a bheidh le baint amach roimh dheireadh an fheachtais. Déan íoslódáil ar na cnaipí meáin shóisialta agus cur le do chuid próifíleanna iad le léiriú go mbeidh tú páirteach.

Bí i do mheantóir

Déan íoslódáil ar chnaipí Credim Ionat le léiriú go mbeidh tú páirteach!

Creidim Ionat ar do phróifíl?