Deis le bheith ag obair i dteannta le Foras na Gaeilge

Is mian le Foras na Gaeilge conradh seirbhíse a bhronnadh ar dhuine le tabhairt faoi obair luachála ar an gCur Chuige Comhpháirtíochta.

 

Príomhchúraimí:              

 

  • Anailís a dhéanamh ar cháipéisí
  • Agallaimh, fócasghrúpaí a reáchtáil
  • Tuairisc chuimsitheach a thiomsú

Tá suas le €25,000 (aon cháin bhreisluacha ábhartha san áireamh) ar fáil leis an obair seo a chur i gcrích agus meastar go gcuirfear an obair seo i gcrích taobh istigh de 6 mhí.

 

Má tá suim agat, déan teagmháil le iarratais@forasnagaeilge.ie le gach eolas a fháil faoin gconradh seo.

 

SPRIOCDHÁTA: Ní mór iarratais a bheith faighte roimh 5 p.m. Dé hAoine, an 17 Nollaig, 2021.