Díolaim seolta ag ceiliúradh an tionscadail Eorpaigh

Seoladh Díolaim Focail Eile ar an 31 Iúil 2019 ag 6 p.m. i gceannáras Fhoras na Gaeilge, 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Mar chuid den tionscadal Eorpach Focail Eile atá Díolaim á fhoilsiú. Is bailiúcháin é de phrós agus filíocht scríofa ag scríbhneoirí Gaeilge, Bascaise, Freaslainnise, Slóivéinise agus Macadóinise a ghlac páirt sa tionscadal. Sheol Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn an leagan clóite de Díolaim. Mar chuid den ócáid, roinn na scríbhneoirí Gaeilge a ghlac páirt sa tionscadal, Aifric Mac Aodha, Réaltán Ní Leannáin, Diarmuid de Faoite, Cathal Póirtéir, agus Colm Ó Ceallacháin, a gcuid taithí agus saothair.

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha agus teanga i réigiúin Eorpacha agus é d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus teangacha mionlaigh. Le linn na socrúchán chaith na scríbhneoirí tréimhsí cónaithe i réigiúin pháirteacha ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, agus scríobh siad téacsanna liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach.

Bhí sé ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistríodh na téacsanna go léir a cruthaíodh le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall air seo táimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

 

 

 

 

 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Is tionscadal thar a bheith fiúntach é Focail Eile, a léirigh an dóigh ar féidir leis an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa dul i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn náisiúnta ach ar bhonn idirnáisiúnta. D’éirigh an tionscadal seo as an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa a bronnadh ar Donostia-San Sebastian in 2016. Thug sé deis annamh do scríbhneoirí Gaeilge agus scríbhneoirí i mionteangacha eile a saothar a chur i láthair lucht léitheoireachta i bhfad níos leithne ná a bheadh acu de ghnáth, agus chuir sé ardán idirnáisiúnta ar fáil dóibh. Lena chois sin, trí na socrúcháin chónaithe thar lear bhí deis ag na scríbhneoirí aithne agus eolas a chur ar scríbhneoirí eile a bhí ag saothrú sna mionteangacha sin agus sna réigiúin a bhí páirteach. B’iontach an rud é dá mbeifí le tógáil ar an tionscadal seo atá ina dheireadh anois agus an stádas mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa bronnta ar phríomhchathair chultúrtha agus Ghaeilge na hÉireann, Gaillimh.