Fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a sheol Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh TD, in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu. I gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara eile, beidh ról ag Foras na Gaeilge i gcur i bhfeidhm an phlean cúig bliana a leagann príomhspriocanna amach faoi naoi réimse gnímh lena n-áirítear oideachas agus foclóirí.

Agus é ag caint ag an ócáid seolta dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn, “Cailleadh dlús sna blianta tosaigh, i gcomhthéacs na géarchéime i ngeilleagar na tíre, rud a d’fhág mórán den phobal in ísle brí faoi dhul chun cinn na straitéise. Ach is fiú a aithint go bhfuil athrú suntasach le sonrú le roinnt blianta agus is léir go bhfuil rún ag an rialtas anois dlús a chur lena n-iarrachtaí dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le forbairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa chuid eile den tír. Tacaíonn Foras na Gaeilge go mór leis an chur chuige comhpháirtíochta atá molta idir ranna stáit agus eagraíochtaí, agus iarraimid ar an phobal, idir phobal na Gaeilge agus iad siúd ar bheagán Gaeilge, leanúint lena rannpháirtíocht. Cé gur faoi na ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit agus poiblí a bheidh sé na spriocanna a bhaint amach, beimid ag brath go mór ar chomhúinéireacht an phobail ar an straitéis.”

Molann Foras na Gaeilge iarracht seo an rialtais cúiteamh a dhéanamh ar son thús lag na mblianta tosaigh sin trí dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, leis an bplean forfheidhmithe cúig bliana. Ag caint dó i ndiaidh sheoladh an Phlean Gníomhaíochta, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge Pól Ó Gallchóir, “Táimid bródúil as an pháirt a bheidh le himirt ag Foras na Gaeilge san obair seo, i gcuideachta lenár gcomhghleacaithe in Údarás na Gaeltachta, sna ceanneagraíochtaí Gaeilge, agus, go háirithe leis na ranna eile stáit. Leis an choimitmint atá léirithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna  agus forais stáit, níl aon amhras ach gur féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa tréimhse as seo go ceann cúig bliana.”

Tréaslaíonn Foras na Gaeilge leis An Taoiseach agus leis an Aire Stáit as a dtiomantas don Ghaeilge agus as ceannaireacht a léiriú dá gcomhghleacaithe sa rialtas, ní hamháin ó thaobh a n-iarrachtaí leanúnacha an Ghaeilge a úsáid, ach ó thaobh a dtacaíochta di.

Críoch

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teagmháil: 0035387 673 6175 | Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie