Fás le Foras – Gairmscoil Chú Uladh

Baineann alt na seachtaine seo le Gairmscoil Chú Uladh, meanscoil Gaeltachta i nDún na nGall. Léigí an sliocht thíos le foghlaim faoin scoil gníomhach seo.

 

Céard é/iad aidhm/eanna na heagraíochta?

Feidhmíonn Gairmscoil Chú Uladh mar scoil dara leibhéal Gaeltachta. Is í ár n-aidhm i nGairmscoil Chú Uladh timpeallacht foghlama sábháilte ina bhfuil cothromaíocht agus comhoibriú mar bhunchlochanna, a chur ar fáil do achan dalta.

Tá muid dírithe ar fhorbairt iomlán an dalta ó thaobh forbairt pearsanta, sóisialta, oideachasúil agus mothúcháin, chun go mbeidh achan duine ábalta a gcumas a chomhlíonadh. Is í ar n-aidhm an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur chun cinn agus gach cuidiú a thabhairt do dhaltaí a líofacht a fheabhsú.

 

Cé chaoi a mbíonn an Ghaeilge á chur chun cinn agaibh?

Is scoil lán Ghaelach Gaeltachta muid agus is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile.  Mar atá luaite is í ár n-aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn.  Déanann muid gach iarracht cuidiú le daltaí nach bhfuil líofa sa Ghaeilge trí ranganna breise, cuidiú ón Chúntóír Teanga agus tacaíocht breise a chur ar fáil. Tá sé riachtanach go mbeidh daltaí a thagann isteach sa scoil sásta agus toilteanach an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.

Tá a lán imeachtaí Gaelacha ar siúl sa scoil - páirteach i gcomórtaisí SCLÉIP, díospóireacht, tráth na gceist, páirteach i gcomórtaisí a chuireann an cultúr chun cinn.

 

Luaigh scéim/tionscadal ar leith atá faoi bhun agaibh.

Ó thaobh Foras na Gaeilge tá muid páirteach i Scéim Deontais Cholmcille le cúig bliana anuas agus ceangal láidir againn le Ard Sgoil a Phluic in Albain. Thug muid cuairt orthu i 2016, 2017,2018,2019 agus beimid ar ais arís i ndiaidh dhá bhliain caillte dá bharr na paindeime, i 2022. Dar ndóigh thug siad cuairt orainn chomh maith. Is cineál clár malartaithe é seo, ionas léargas a fháil ar chultúr agus Gàidhlig na hAlban, agus a mahalairt go bhfaighfidh na daltaí ón Alban léargas den Ghaeilge. Is nasc thar a bheith luachmhar é an nasc atá again le Ard Sgoil a Phluic.

 

Cé chaoi a mbíonn an Foras á thacú libh?

Faigheann Gairmscoll Chú Uladh tacú airgeadais ón bhForas, a chuidíonn le feidhmiú na heagraíochta agus imeachtaí áirithe a reachtáil. Tacú áirithe ná an maoiniú atá curtha ar fáil tríd Scéim Deontais Cholmcille mar atá luaite thuas.

 

Sonraí teagmhála:

Suíomh:           www.cuuladh.ie

Twitter:           @GSCuUladh

 

An bhfaigheann d’eagraíocht deontas ó Fhoras na Gaeilge a chuidíonn leat an teanga a chur chun cinn? Bí i dteagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie le go mbeidh bhur scéal san áireamh againn sa tsraith nua #FásLeForas.