Fás le Foras – MÓINÍN

A chairde gaeil, an tseactain seo beidh trácht á dheanamh againne ar eagraíocht bainte le cursaí litríochta agus foilseacháin i measc neart rud eile. Faigh thíos léargas shoiléir ar MhÓINÍN, eagraíocht lonnaithe i gContae an Chláir.

 

Céard é/iad aidhm/eanna na heagraíochta?

Bíonn réimse leathan rudaí faoi bhun ag MÓINÍN. Bunaithe in iardheisceart na hÉireann, tá dhá ghné de obair Mhóinín ann, mar atá:

  1. Gné na foilsitheoireachta agus
  2. Gné an oideachais agus na traenála.

Bíonn an eagraíocht seo ag plé le sárfhoilseacháin fhicsin chur ar fáil. Is foilsitheoir leabhar ficsin ar leibhéil éagsúla don léitheoir go ginearálta é MÓINÍN, idir Dhéagléitheoir agus Pháiste agus Léitheoir Fásta.

Anuas ar sin, is eagras é atá tiomanta do oiliúint ábhar scríbhneoirí agus do mhúinteoirí na n-ábhar litríochta araon. Cuirtear cúrsaí traenála maidir le scríbhneoireacht chruthaitheach á chur ar fáil (do dhaoine os cionn 18 bliain amháin) agus cúrsaí traenála d'oidí i dteagasc na litríochta ar an dara leibhéil. Cúrsaí d’ábhar scríbhneoirí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus cúrsaí traenála do mhúinteoirí na Gaeilge agus an Bhéarla i dteagasc na scríbhneoireachta cruthaithí sa seomra ranga.Ar deireadh bíonn cuairteanna ár n-údar ar scoileanna á eagrú freisin.

Cé gur mar fhoilsitheoir ar fhicsean go ginearálta a bunaíodh MÓINÍN, tá fás suntasach le tamall de bhlianta anuas ar an éileamh atá ar an eagras chun traenáil a chur orthusan a theastaíonn uathu:

(i) A bheith ina scríbhneoiri cruthaitheacha próis.

(ii) Tuiscint agus Scileanna an Ghearrscéil agus/nó an Úrscéil a fhoghlaim maidir lena dTeagasc sa Seomra Ranga.

 

Cé chaoi a mbíonn an Ghaeilge á chur chun cinn agaibh?

Is ábhar Ghaeilge, go príomha, a fhoilsíonn MÓINÍN agus dar ndóigh is í an Ghaeilge teanga oibre agus chumarsáide an chomhlachta. Mar sin is trí Ghaeilge a sholáthraítear agus a thugtar ár gcúrsaí traenála, cé go dtugtar cúrsaí trí mheán na Fraincise agus an Bhéarla chomh maith.

 

Luaigh scéim/tionscadal ar leith atá faoi bhun agaibh.

Faoi láthair, táimid ar tí an Duaisleabhar Oireachtais 'Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ' a fhoilsiú.

 

Cé chaoi a mbíonn an Foras á thacú libh?

Déanann Foras na Gaeilge maoiniú ar chostas teagaisc 'An Dianchúrsa i Scríobh an Úrscéil agus an Ghearrscéil'. Is cúrsa é seo sa scríbhneoireacht cruthaitheach, atá saor in aisce do rannpháirtithe mar gheall ar mhaoiniú an Fhorais. Tá an cúrsa á theagasc ag Ré Ó Laighléis – duine de mhórscríbhneoirí na linne (Gaeilge agus Béarla) a bhfuil taithí 30+ bliain aige mar mhúinteoir.

 

Céard atá i ndan don eagraíocht?

  1. Fairsingiú ar ár nIonad Traenála, 'An Scríobhlann'

Chuige sin, sa bhliain 2010, bhunaigh agus thóg MÓINÍN an t-ionad traenála sainchumtha An Scríobhlann, atá lonnaithe i mBaile Uí Bheacháin. Is ann a thugtar na cúrsaí thuasluaite. Chomh maith leis sin, earcaítear speisialtóirí traenála MhÓINÍN chun cúrsaí traenála a thabhairt do mhúinteoirí agus/nó daltaí faoi choimirce na n-údarás oideachasúil, idir Bhoird Oideachais agus Traenála, eagrais forbartha oideachasúla, scoileanna indibhidiúla, grúpaí de mhúinteoirí a bhfuil an  t-ábhar i gcoitinne acu agus araile.

 

  1. Athbhreithniú Físiúil ar ár bPolasaí Foilseacháin

Tá sé i gceist ag an eagraíocht athbhreithniú a dhéanamh ar na polasaí foilseacháin atá acu ionas cinntiú a dhéanamh go bhfuil siad ag teacht le aidhmeanna agus iarrachtaí na heagraíochta.

 

Sonraí teagmhála:

Fón                  065 707 7256 / 086 211 8074

Ríomhphost:   moininpublishers@gmail.com

Suíomh:           www.moinin.ie

 

An bhfaigheann d’eagraíocht deontas ó Fhoras na Gaeilge a chuidíonn leat an teanga a chur chun cinn? Bí i dteagmháil linn ag eolas@forasnagaeilge.ie le go mbeidh bhur scéal san áireamh againn sa tsraith nua #FásLeForas.