Scéim Comhionannais

An Foras Teanga Thuaidh/Theas – Scéim Comhionannais

Aon eagras amháin atá san Fhoras Teanga a thuairiscíonn don Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, ach a bhfuil dhá ghníomhaireacht ar leith ann, atá don chuid is mó neamhspleách: Gníomhaireacht na hUltaise, (Tha Boord O Ulstèr-Scotch) agus Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar Ghníomhaireacht na hUltaise níos mó feasachta ar an Ultais a chur chun cinn agus cur lena úsáid, agus níos mó feasachta ar shaincheisteanna cultúrtha na hUltaise a chur chun cinn laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud an oileáin. Tá freagracht ar Fhoras na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda. Tá ról aige comhairle a thabhairt do lucht riaracháin, Thuaidh agus Theas, chomh maith le heagrais phoiblí agus grúpaí eile san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí, i ngach ní a bhaineann leis an nGaeilge.

Ghlac Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann le Scéim Comhionannais an Fhorais Teanga i mí na Nollag 2013.

Tá leagan nuashonraithe den Scéim le fáil go leictreonach ach brú anseo agus tá sí ar shuíomh Tha Boord o Ulstèr-Scotch chomh maith: www.ulsterscotsagency.com

Tá leagan nuashonraithe den Iniúchadh ar Neamhionannais agus den Phlean Gníomhaíochta Comhionannais a ullmhaíodh agus a ndearnadh comhairliúchán orthu ar fáil ach brú anseo 

 

Cuirfear cóipeanna crua agus cóipeanna i bhformáidí inrochtana d’ábhar ar fáil ar iarratas (féach sonraí teagmhála thíos).

Is iad na daoine atá freagrach as cúrsaí comhionannais san Fhoras Teanga:

Ulster-Scots Agency:
David McCallum, Director of Corporate Services, Ulster-Scots Agency, 68/72 Great Victoria Street, Belfast BT2 7BB.
Tel: 028 9023 1113
Fax: 028 9023 1898
e-mail: mccallumd@ulsterscotsagency.org.uk

agus

Foras na Gaeilge:
Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, Foras na Gaeilge, Teach an Gheata Thiar, 2/4 Sráid na Banríona, Béal Feirste, Belfast BT1 6ED.
Tel: 028 9089 0970
Fax: 028 9089 0972
e-mail: enichorrain@forasnagaeilge.ie