Foclóireacht & Téarmaíocht

Tá an fhoclóireacht agus an téarmaíocht mar chúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge. Tá ról ar leith againn maidir le foclóirí cuimsitheacha nua-aimseartha a chur ar fáil chun úsáid agus dea-chleachtas na teanga a éascú agus a dhaingniú i ngach réimse den saol comhaimseartha.

Rannóg na Foclóireachta

I measc na dtionscadal foclóireachta tá:

  • Foclóirí Nua Gaeilge 2022-2027. Tá tús curtha ag Rannóg na Foclóireachta le tionscadal cúig bliana ina bhfuil i gceist dhá mhórfhoclóir nua a fhoilsiú: foclóir aonteangach Gaeilge agus Foclóir nua Gaeilge-Béarla.
  • An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge. Ar fáil ag focloir.ie, tá an foclóir ar líne ó bhí tús 2013 ann. Tá aip an fhoclóra ar fáil ar ghléasanna Android agus Apple ó 2015.
  • Concise English-Irish Dictionary. Leagan clóite den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge a foilsíodh in 2020. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an leabhar le fáil ag focloir.ie/ga/page/book.html
  • Leabharlann Teanga agus Foclóireachta. Ar fáil ag teanglann.ie, tá leaganacha digiteacha de: English-Irish Dictionary de Bhaldraithe (1959), Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) agus An Foclóir Beag (1991), chomh maith le bunachar comhaid fuaime, bunachar comhaid ghramadaí, cluiche litrithe agus an Draoi Gramadaí.
  • Corpas Foclóireachta na Gaeilge. Ar fáil ag corpas.focloir.ie, tá suas le 100 milliún focal sa leagan beo den chorpas agus tá obair ar bun chun é sin a mhéadú sna blianta amach romhainn.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an fhoclóra trí ríomhphost a sheoladh chuig aiseolas@focloir.ie.

Concise English-Irish Dictionary

An Coiste Téarmaíochta

Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.

Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, coiste deonach ar a bhfuil breis is 20 ball a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.

Is féidir teacht ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge anseo.

Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig  nó trí ghlaoch ar 01-6398418.