Tá an fhoclóireacht agus an téarmaíocht mar chúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge. Tá ról ar leith againn maidir le foclóirí cuimsitheacha nua-aimseartha a chur ar fáil chun úsáid agus dea-chleachtas na teanga a éascú agus a dhaingniú i ngach réimse den saol comhaimseartha.
Rannóg na Foclóireachta
I measc na dtionscadal foclóireachta tá:
Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an fhoclóra trí ríomhphost a sheoladh chuig aiseolas@focloir.ie.
Tá sé mar aidhm ag an gCoiste Téarmaíochta téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a fhorbairt, a fhaomhadh agus a chur ar fáil chun tacú leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide i sochaí nua-aoiseach.
Tionóltar cruinnithe míosúla den Choiste Téarmaíochta, coiste deonach ar a bhfuil breis is 20 ball a cheaptar ar feadh tréimhse trí bliana. Socraíonn an Coiste Téarmaíochta prionsabail téarmaíochta, déanann siad an obair a phleanáil agus a mhaoirsiú, ceapann siad téarmaí, déileálann siad le fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal agus le ceisteanna aistriúcháin ó oifigí Gaeilge an AE, agus bunaíonn siad fochoistí saineolaithe de réir mar is gá.
Is féidir teacht ar an mBunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge anseo.
Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le foireann an Choiste Téarmaíochta trí ríomhphost a sheoladh chuig tearmai@forasnagaeilge.ie nó trí ghlaoch ar 01-6398418.