An Foram Forbartha Teanga
De thoradh ar chinneadh den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 10 Iúil 2013, cuireadh tús le ré nua i bhforbairt na Gaeilge nuair a d'fhógair Foras na Gaeilge, ar an 17 Eanáir 2014, na sé Cheanneagraíocht a ghlacfadh freagracht as sé mhór-réimse oibre. Ba thoradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008 le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar obair na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí á maoiniú ag Foras na Gaeilge ar bhonn bliantúil le tacú le forbairt na Gaeilge ar fud na hÉireann.
Tá Fóram Forbartha Teanga Uile-Oileáin ionadaíoch ar shainghrúpaí áitiúla teanga atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Is dlúthchuid é an Fóram Forbartha Teanga den chur chuige comhpháirtíochta, an struchtúr foirmiúil idir na Ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge.
Is é cuspóir an Fhóraim Forbartha Teanga tuairimí agus comhairle dheontaithe Fhoras na Gaeilge, i.e. pobal na Gaeilge, a fháil ar fhorbairt na Gaeilge sna mór-réimsí atá faoi fhreagracht na sé Cheanneagraíocht, agus ar phleananna na gCeanneagraíochtaí. Cuirtear an chomhairle seo san áireamh i bhforbairt phleananna na gCeanneagraíochtaí. Cuireann an Fóram Forbartha Teanga an cuspóir sin i gcrích ar na bealaí seo a leanas:
- Anailís a dhéanamh ar phleananna na gCeanneagraíochtaí i ngach mór-réimse.
- Plé a dhéanamh, taobh istigh den Fhóram Forbartha Teanga, ar phleananna na gCeanneagraíochtaí.
- Comhairle a thabhairt ar phleananna na gCeanneagraíochtaí trí thuairiscí ó Chathaoirleach an Fhóraim a chur ar fáil don Fhóram Comhpháirtíochta.
Tá Cathaoirleach an Fhóraim Forbartha Teanga mar bhall fosta den Fhóram Chomhpháirtíochta.
Baill an Fhóraim Forbartha Teanga
- Siuán Ní Mhaonaigh (Cathaoirleach)
- Tadhg Mac Dhonnagáin
- Ógie Ó Céilleachair
- Séamus Mac Dháibhéid
- Joe Ó Dochartaigh
- Darach Ó Scolaí
- Dr Deirdre Nic Mhathúna
- Noel Ó Gallchóir
- Caitlín Uí Chochláin
- Malachy O'Neill
- Brian Ó Gáibhín
- Caroline Nolan
- Darach Ó Tuairisg
- Orlágh Ní Néill
- Caitríona Breathnach
- Fiona Ní Chnáimhsí
- Séamus Ó Rocháin
- Deirdre Donnelly