Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

SCÉIM NA gCAMPAÍ SAMHRAIDH 2024

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana – 18 mbliana d’aois):

  • a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí;
  • nach campaí cónaithe iad;
  • a mhairfidh 5 lá;
  • a mhairfidh ar a laghad 4.5 uair an chloig gach lá;
  • a bheidh á reáchtáil idir an 24 Meitheamh agus an 30 Lúnasa 2024.

Is scéim neamhbhrabúsach í seo chun táillí an champa a choinneáil íseal do na daoine óga.

Is le hairgead poiblí a bhronntar deontais, agus tá dualgais reachtúla ar Fhoras na Gaeilge chun luach ar airgead gach tionscadail mhaoinithe a dheimhniú.

Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí cómhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge.

Cuirimid fáilte faoi leith roimh iarratais ó eagraíochtaí atá suite i gceantair aitheanta i straitéisí agus/nó i reachtaíocht rialtais.

Má tá aon cheist agat faoi ghné ar bith de na critéir cháilitheacha, déan teagmháil le Foras na Gaeilge roimh an spriocdhátaardaoin, 28ú Márta 2024 ag 5.00pm.

Foirm Iarratais & Cáipéisí:

Foirm Iarratais Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

Treoirlínte Gaeilge_Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

Téarmaí agus Coiníolacha_Gaeilge

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh