Scríobh Leabhar 2023-24
Aidhm
Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge. Reáchtáiltear an tionscadal i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann.
Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a scríobh, a dhearadh, agus a fhoilsiú as Gaeilge. Cuireann an tionscadal léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó ionaid oideachais ar spéis leo an tionscadal a reáchtáil le bunscoileanna ina gceantar féin i gcomhpháirt le Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.
Spriocdháta 1 p.m. Dé hAoine an 20 Deireadh Fómhair 2023
Teagmháil leabhar@forasnagaeilge.ie
Stádas Oscailte
Tuilleadh eolais www.forasnagaeilge.ie/scríobhleabhar