Gearrliostaí do Leabhair Ghaeilge na Bliana 2022 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, inniu (Déardaoin, 25 Lúnasa 2022) na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

 

Tá sé leabhar déag (16) ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo - sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus cúig (5) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.

 

Bhain 11 Teach Foilsitheoireachta éagsúla gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló na nGael; Dalen Éireann; Éabhlóid; Foilseacháin Ábhair Spioradálta; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Móinín. Tá liosta iomlán de na leabhair ar fad atá gearrliostaithe ar fáil thíos.

 

 “Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na tithe foilsitheoireachta, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí a bhain gearrliostaí na bliana amach”, a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. “Tréaslaím an obair fhiúntach atá ar siúl acu ar fad chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Tá gairmiúlacht, ard-chaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméid orainn an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana. Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sár chaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana”.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tréaslaím leis na foilsitheoirí, na húdair agus na maisitheoirí as áit a bhaint amach ar na gearrliostaí do na Gradaim Leabhar. Is ar scáth a chéile a bhíonn ár bhfoilsitheoirí, ár scríbhneoirí, ár maisitheoirí ag obair, agus iad ag cur ábhar léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá fás ag teacht ar an earnáil agus níos mó leabhar á léamh bliain i ndiaidh bliana. Ach tá rath fadtéarmach na hearnála seo ag brath ar rialtais thuaidh agus theas a aithint gur de dhlúth agus d’inneach forbairt mionteanga, saothrú a litríochta. Tá an t-am cuí ann anois cur leis an tacaíocht atá ar fáil don earnáil seo chun gur féidir tógáil ar an obair iontach atá ar siúl faoi láthair”.

 

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2022. Gabhann duaischiste de €17,000 leis an trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.

Tuilleadh eolais: 
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
    T: +353 87 1005439      R: louise@antoireachtas.ie

Gradam Uí Shúilleabháin

SEACHT dTÍR, SEACHT dTEANGA  le Diarmaid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac – Leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na hEorpa le dhá scór bliain anuas ó Inbhear Nis go Búcairist agus ó Chonamara go Vársá.

 

SÚIL AN DAILL le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac - Baintreach, cléireach, agus athair clainne is ea Conchúr Mac Ardail, fear a bhfuil fís mhór nua-aoiseach aige do Thiarnas Thír Eoghain. Idir é agus fíorú na físe sin, tá iliomad rud — guagacht an tiarna, éad na n-uaisle, cistí folmha, cúraimí clainne, agus a laigí féin mar dhuine.

 

BLÁTH NA dTULACH – DÍOLAIM ULTACH curtha in eagar ag Réaltán Ní Leannáin, foilsithe ag Éabhlóid – Cnuasach gearrscéalta atá sa leabhar seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.

 

ÁRASÁN le hÓgie Ó Céilleachair, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - Úrscéal sciobtha tarraingteach atá dírithe ar aosaigh óga. Ceathrar mac léinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile san aon árasán amháin san ollscoil. Castar suáilcí agus duáilcí bheatha an scoláire orthu i rith na bliana acadúla. Saol na hoíche, an t-ól agus an ragairne, cumainn, clubanna, réalachas na foghlama ag an tríú leibhéal, caidreamh collaí, airgead agus easpa airgid, dúshlán caidrimh. Conas a éireoidh leo?

 

FLÓRA NA SAMHLAÍOCHTA le Bríd Ní Mhóráin, foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta – Cruthaíonn siad an t-aer a choimeádann beo sinn, cuireann siad bia, áilleacht agus samhlaoidí ar fáil chun sinn a chothú, nascann siad le cultúr an domhain sinn agus leigheasann siad sinn. Tá sé thar am go gcuirfeadh na luibheanna iad féin in iúl ina dteanga líofa féin i Flóra na Samhlaíochta.

 

POBAL NA GAEILGE: DAONRA, INSTITIÚIDÍ, STÁDAS AGUS CUMHACHT le Pádraig Breandán Ó Laighin, foilsithe ag Cló na nGael - Is sa tsocheolaíocht atá an leabhar seo fréamhaithe, ach tá sé idirdhisciplíneach ina raon léinn, agus áirítear ann léirmhínithe atá bunaithe ar thaighde oideachais, síceolaíochta, agus sochtheangeolaíochta, chomh maith leis an dlí-eolaíocht agus teoiric na polaitíochta. Le stíl bhreá scríbhneoireachta, tugtar cuireadh don léitheoir ginearálta agus don speisialtóir araon breathnú as an nua, faoi threoir an údair, ar phobal na Gaeilge.

 

 

Gradam Réics Carló

AN SLIPÉAR GLOINE le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata – Tá gluaiseacht agus rithim álainn bainte amach ag an údar leis an leagan seo den scéal “Luaithrín”. Tá Luaithrín curtha trína chéile ag a leasmháthair, Camilla, agus ag a beirt deirfiúracha gránna, Straoisín agus Smaoisín. Bainfidh páistí óga fíor-thaitneamh as an ngreann atá fite fuaite sa leagan véarsaíochta seo de scéal a bhfuil cáil an domhain mhóir air!

 

DIALANN EMILY PORTER: THÍOS SEAL THUAS SEAL le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, foilsithe ag LeabhairCOMHAR - Tá Emily Porter sona sásta. Tá sí féin agus Cian ag dul amach ‘go hoifigiúil’, tá sí san idirbhliain anois (níl aon staidéar le déanamh ar feadh bliana), agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil!
Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas don déagóir bocht. Tá fadhbanna le réiteach aici. Fadhbanna lena cara Olivia, fadhbanna sa bhaile agus fadhbanna lena buachaill. Chomh maith leis sin, tá rún mór le scaoileadh ag Mam agus Daid a athróidh saol Emily ó bhun go barr.

 

FÓIR ORM! le hÁine Uí Fhoghlú agus maisithe ag Deirdre Ní Thuathail & Clifford Hayes, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht - Úrscéal eachtraíochta do dhaoine óga. Tá daltaí rang a sé ag dul ar thuras eitleáin ar saoire go hInis Mór, mar chríoch lena dtréimhse sa bhunscoil. Ina measc tá Eoin Ó Dálaigh, buachaill dhá bhliain déag d’aois, a chuireann an milleán air féin faoi bhás a athar. Séidtear an t-eitleán dá chúrsa i ndroch stoirm, agus caitear Eoin i dtír ar oileán tréigthe. Cén chaoi a mairfidh sé? An dtiocfaidh sé slán? Scéal corraitheach, eachtrúil a chíorann scéal an daonnaí i gcoinne an nádúir.

 

RITA AGUS AN FATHACH le Máire Zepf agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór - Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Agus í buartha faoin timpeallacht, ba mhaith léi fathach ollmhór chun an plaisteach a scaobadh as na farraigí, an truailliú a shéideadh as an spéir agus an pláinéad ar fad a ghlanadh suas. Ach an féidir le fathach sin a dhéanamh ar a haonar?

 

SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS AN TIONRADH AR AN BPLAINÉAD MARZ le Ré Ó Laighléis agus maisithe ag Ray McDonnell, foilsithe ag Móinín - Is scéal samhlaíoch eachtraíochta é seo faoi chneámhaireacht agus saint na mórchumhachtaí domhanda maidir lena shamhlaíonn siad a bheith de shaibhreas ann dóibh ar Mharz. Dúshlán smaointeoireachta don léitheoir óg agus don léitheoir oilte.

 

 

Gradam de Bhaldraithe

BUACHAILL AN GHÚNA le David Williams agus aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Futa Fata – Tá cónaí ar Dennis i dteach leadránach ar shráid leadránach i mbaile leadránach. Ach tá sé ar tí teacht ar bhealach iontach leis an saol a dhéanamh níos spleodraí agus níos spraíúla – agus níl le déanamh aige ach a intinn a oscailt! Seo leabhar a chuirfidh ag gol agus ag gáire thú – ní go gasta a dhéanfaidh tú dearmad ar Dennis agus a chuid eachtraí.

 

DÓNALL DÁNA AGUS AN PEILEADÓIR MÓR le Francesca Simon agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht  – Leabhar lándaite atá in oiriúint don léitheoir luath. Is breá le Dónall Dána peil agus níl uaidh ach an cluiche peile ranga a bhuachan – is cuma céard is gá a dhéanamh! Ach tá Peigí Pusach í féin meáite air gur aicise a bheidh an bua.

KHALIL le Yasmina Khadra agus aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Barzaz - Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d’aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis....

 

ASTERIX AGUS AN FEAR FEASA le René Goscinny agus Alberto Uderzo agus aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann – Buaileann stoirm thoirní an sráidbhaile sa Ghaill. An bhfuil fearg ar na déithe? Tagann fear feasa go dtí an sráidbhaile agus meallann sé go leor de chairde Asterix lena bhréaga.  Níl Asterix in ann a chur ina luí ar a chairde piseogacha nach dtarlóidh na rudaí uafásacha atá á dtuar ag an bhfear feasa. Tá baol ann go mbeidh scoilt ina measc, rud a thaitneodh leis na Rómhánaigh, ar ndóigh.

 

AN TRIÚR TRIALLACH: AN CONGÓ le René Goscinny agus Alberto Uderzo agus aistrithe ag Seaghan Mac an tSionnaigh, foilsithe ag Dalen Éireann - Greannán seachtainiúil Gearmánach de chuid Mosaik le carachtair Die Abrafaxe a céad fhoilsíodh in 1976, aitheanta ag Guinness Book of Records mar an tsraith greannán is fadsaolaí ar chlár na cruinne.