Do Ghairm le Gaeilge: Aonach Gairmeacha, 8 Feabhra

Is cúis áthais d’Fhoras na Gaeilge an feachtas feasachta, do Ghairm le Gaeilge, a sheoladh i gcomhar le Grad Ireland. Tá an feachtas seo dírithe ar fhochéimithe agus beidh sé mar aidm aige aird a tharraingt ar an tairbhe a bhaineann leis an dátheagachas agus le líofacht i nGaeilge san ionad oibre, bíodh sin trí mhic léinn a spreagadh le hinniúlacht sa Ghaeilge a lua ar a CV agus iad a chur isteach ar phoist, lena nGaeilge a úsáid sna poist a bheidh acu amach anseo, cúrsaí iarchéime trí Ghaeilge a roghnú chomh maith le cur isteach ar phoist in earnáil na Gaeilge.

Ag labhairt dó inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, “Tá súil againn go rachaidh an feachtas i bhfeidhm ar dhaoine óga agus machnamh á dhéanamh acu faoin ghaol fhadtéarmach a bheidh acu leis an teanga. Ba mhaith linn an fiúntas a bhaineann lena líofacht a chothú a léiriú do mhic léinn le go dtuigfidh siad na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le bheith ag obair i réimsí éagsúla trí Ghaeilge, lena n-áirítear cúrsaí teagaisc, aistriúcháin, dlí agus na meáin.”

Chuige sin, tá an treoirleabhar Do Ghairm le Gaeilge foilsithe ar líne a thugann comhairle phraiticiúil agus eolas luachmhar maidir le cúrsaí oiliúna agus deiseanna oibre trí Ghaeilge. Anuas air sin, tá ábhar ar líne forbartha lena n-áirítear físeáin d’agallaimh le hambasadóirí gairme as réimsí éagsúla ina ndéanann siad cur síos ar an mbuntáiste a thug an Ghaeilge dóibh ina saol oibre go dtí seo.

Mar chuid den fheachtas beidh seastán ag Foras na Gaeilge ag Aonach Gairmeacha #FYI agus Aonach Teangacha Grad Ireland san RDS ar an 8 Feabhra 2017 agus beidh foireann i láthair le labhairt le mic léinn faoi na deiseanna éagsúla oiliúna, fostaíochta agus deonacha atá ar fáil trí Ghaeilge. Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh (comhalta boird agus craoltóir RTÉ) seimineár i láthair chomh maith a dhíreoidh ar thaithí agus ar chomhairle phraiticiúil ar a bheith ag obair le Gaeilge ó rannpháirtithe na bhfíseán.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin seimineár agus clárú don aonach anseo:

 

Cuireann Foras na Gaeilge fáilte roimh chách chuig an ócáid agus fáilte ar leith roimh fhostóirí agus oideachasóirí 3ú leibhéal.

* Críoch *

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie