Gradam Fhoras na Gaeilge Irish Language Fiction Book of the Year 2023

Iarratais 2023

Tá Gradam Fhoras na Gaeilge, An Post Irish Language Fiction Book Awards 2023 oscailte d’iarratais anois.

Tá Gradam Fhoras na Gaeilge á chomhordú ag Lorg Media thar ceann Fhoras na Gaeilge i mbliana.

Scrollaigh síos chun do leabhar a chur isteach.  

Cinntigh, le do thoil, go gcomhlíonann na teidil a chuirtear isteach na riachtanais incháilitheachta go léir.

  • Caithfidh an leabhar a bheith foilsithe laistigh de bhliain na nGradam, ie idir 1 Samhain 2022 go dtí an 1 Samhain 2023.
  • Caithfidh an t-údár a bheith Éireannach, tré bhreith, saoránacht, nó cónaí orthu go fadtéarmach.  
  • Caithfidh an leabhar a bheith ina bhunchóip, ie ní féidir leis a bheith ina athchló nó áistriúchán de leabhar atá foilsithe cheana.

Clicéail anseo le tuilleadh de na critéir a léamh: Faisnéis incháilitheachta agus eolas faoi na catagóirí 

Breithneoidh painéal ó thionscal na leabhar agus painéal criticeoirí agus léirmheastóirí ar na teidil a cuireadh isteach agus fógrófar comhdhéanamh an ghearrliosta ar an 19 Deireadh Fómhair 2023.  

Tabharfar fógra faoi rún d’fhoilsitheoirí ar éirigh leo roimh ré.  De bharr líon na n-iarratas is oth linn a rá nach féidir  gealltanas a thabhairt go mbeifear in ann fógra a thabhairt d’fhoilsitheoirí nár éirigh leo. Ní theastaíonn cóipeanna de theidil leabhair a cuireadh isteach ach amháin má tá do theideal ar an ngearrliosta agus ag céim na n-iarratas. Tá an rannóg seo oscailte do saothar eiseachtúil, cruthaitheach, nua, ficsean.  

Iarrtar ar fhoilsitheoirí a chinntiú go mbeidh na teidil ar an ngearrliosta i gcló le linn thréimhse na nGradam agus caithfear cinntiú go mbeidh na teidil ar fáil ar an margadh Éireannach, ie go mbeidh siad ar fáil ó dáilitheoirí náisiúnta ag lascaine oiriúnach. 

Dátaí Tábhachtacha

Iarratais dúnta – 11 Meán Fómhair 2023

Fógra ar an nGearrliosta – 19 Deireadh Fómhair 2023

An Post Irish Book Awards – Dinnéar Ceiliúrtha agus Searmanas Bronnta – 22 Samhain 2023

Beidh an Dinnéar Ceiliúrtha agus an Searmanas Bronnta ar siúl san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath ar an 22 Samhain. Cuirfear nuashonruithe suas go rialta ar shuíomh gréasáin An Post https://www.irishbookawards.ie/

Critéir Incháilitheachta

Treoirlínte Ginearálta Incháilitheachta

Caithfidh gur foilsíodh an leabhar laistigh de bhliain reatha na ngradam, i.e. idir 1 Samhain 2022 agus 1 Samhain 2023.  Caithfidh an leabhar a bheith mar bhunsaothar ie ní athchló ná aistriúchán nó cóiriú leabhair a foilsíodh roimhe seo.  Litríocht chruthaitheach (nua, ficsean) atá i gceist.  

Tábhachtach:

Is do litríocht chruthaitheach do dhaoine fásta (nua, ficsean) a bhfuil Gradam Fhoras na Gaeilge na bliana seo oscailte di.

Riachtanais Bhreise

Iarrtar ar fhoilsitheoirí a chinntiú go mbeidh na teidil atá ar an ngearrliosta i gcló tráth na ngradam.

Ní mór d’fhoilsitheoirí a chinntiú go mbíonn na teidil atá ar an ngearrliosta ar fáil go ginearálta i margadh na hÉireann, ie ar fáil ó na mórdhíoltóirí náisiúnta ar lascainí cuí.

Ní mór d’fhoilsitheoirí gealltanas a thabhairt freisin tacú le feachtas IBAS agus an leis an searmannas bronnta, ag cinntiú go mbeidh aon údar ar an ngearrliosta ar fáil le freastal air.

Ba cheart d’fhoilsitheoirí 13 chóip de gach teideal ar an ngearrliosta a sholáthar. (Ní theastaíonn cóipeanna ach má tá do theidil ar an ngearrliosta agus ag céim na n-iarratas).

Is faoi rogha chomhlacht feidhmiúcháin na nGradam a dhéanfar breithiúnas ar gach saincheist incháilitheachta agus níl aon dul thar an gcinneadh a dhéanann siad.

Téarmaí agus Coinníollacha:

Tá Gradam Fhoras na Gaeilge oscailte do leabhair do dhaoine fásta, litríocht chruthaitheach (nua, ficsean ) i nGaeilge a foilsíodh idir an 1 Samhain 2022 & an 1 Samhain 2023.

Caithfidh na hiarrthóirí rathúla a bheith ar fáil chun freastal ar an searmanas bronnta i mBaile Átha Cliath an 22 Samhain 2023.

Ní cheadófar iarratas ó aon údar atá ina bhall den phainéal moltóireachta neamhspleách, a bhfuil baint aige le riarachán na Irish Book Awards nó a bhfuil gaol aige le haon duine a bhfuil baint aige leis na Gradaim nó leis an bpainéal moltóireachta.

Tá cead ag údair a rinne iarratais reatha nó roimhe seo le IBA cur isteach ar na gradaim.

Conas Iarratas a Dhéanamh:

Is é an 11 Meán Fómhair an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha.

Ní mór an fhoirm iontrála a chomhlánú ina hiomláine.

Glactar le haon iontráil a cuirtear isteach mar dheimhniú go bhfuil an t-iontrálaí ag glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha iontrála go léir.

Caithfidh an páirtí a chuireann isteach an iontráil gealltanas a thabhairt tacú leis an bhfeachtas IBA agus má tá sé ar an ngearrliosta, caithfidh sé freastal ar an searmannas bronnta ar a gcostas féin.

Sula ndéanann tú iontráil thíos déan cinnte go bhfuil Téarmaí agus Coinníollacha iontrála seiceáilte agat anseo.

Formáid na nIarratas:

Ba cheart ainm an údair agus an ainm an fhoilsitheora a shonrú ar an bhfoirm iarratais.

Breithiúnas:

Breithneofar ar gach aighneacht go hanaithnid. 

Níl aon dul thar an gcinneadh a dhéanann an painéal moltóireachta.

Má tá aon cheist ann maidir leis na téarmaí agus coinníollacha nó go deimhin maidir le haon ghné eile de na Gradaim, is féidir iad seo a sheoladh ar ríomhphost chuig Lorg Media ag gradamanpost@lorgmedia.ie

De réir na reachtaíochta GDPR, coimeádtar an fhaisnéis go léir a bhailítear sa phróiseas iarratais go docht, faoi rún agus ní úsáidfidh na heagraithe í ach chun teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseas i dtaca le Gradam Fhoras na Gaeilge Irish Book Awards.