Laghdú suntasach ar dheontais na gCampaí Samhraidh

Tá deontais ar luach €158,417 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh a bheidh á reáchtáil le linn 2016. Tá sé mar aidhm ag  Scéim na gCampaí Samhraidh campaí a reáchtáil do dhaoine óga chun deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil a chuidíonn leo agus a spreagann iad chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach taitneamhach.

Ceadaíodh na deontais do 69 campa, uasmhéid €2,500 nó £1,750 do gach campa, luach €158,417 ina iomláine. Beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ag na campaí lena n-áirítear imeachtaí spóirt, drámaíochta, damhsa, ceoil, scannánaíochta agus babhlála chomh maith le turais.

Ag labhairt dó inniu, áfach, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, “Cé go bhfuil ríméad ar Fhoras na Gaeilge na deontais seo a fhógairt, tá díomá orainn nach raibh ar ár gcumas gach iarratas a bhí incháilithe a cheadú. D’fhógair muid an t-am seo anuraidh go raibh deontais ar luach €192,779 á gceadú do 92 campa agus tá laghdú suntasach tagtha ar líon na ndeontaithe i mbliana. Mhéadaigh an t-éileamh ar an scéim i mbliana ach, as an 115 iarratas ar ardchaighdeán a fuaireamar, ní raibh ar ár gcumas ach 69 acu sin a fhaomhadh ceal airgid. Ar an drochuair, beidh 23 champa níos lú maoinithe i mbliana agus caillfidh 654 duine óg an deis freastal ar champa samhraidh i mbliana dá réir.”

Tuilleadh eolais: Preaseisiúint - Campaí Samhraidh 2016