Leitir Ceanainn aitheanta mar an chéad Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoin bpróiseas pleanála teanga

D'fhógair Catherine Martin, T.D. Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus Jack Chambers T.D. Príomh-Aoire an Rialtais agus An tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, inniu, go bhfuil plean teanga Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga – rud a fhágann go bhfuil sé aitheanta mar bhaile seirbhíse Gaeltachta. D’fhógair siad chomh maith go mbeidh allúntas bliantúil suas le €80,000 á chur ar fáil faoin bpróiseas chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean. Bainfear leas as an allúntas chun Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú le cabhrú le feidhmiú an phlean teanga don bhaile.

Dúirt an bheirt Aire: “Ba mhaith linn tréaslú leis an eagraíocht Líonra Leitir Ceanainn, agus le muintir an bhaile go ginearálta as an méid atá déanta chun an plean seo a thabhairt go ceann scríbe. Tréaslaímid freisin le Foras na Gaeilge a thacaigh leis an gceanneagraíocht agus an plean á ullmhú. Le ceadú an phlean seo, cuirfear tús le feidhmiú plean teanga den chéad uair i mbaile seirbhíse Gaeltachta . Ní gá a rá go bhfuilimid féin, ár gcuid oifigigh agus  oifigigh Foras na Gaeilge ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámha a chéile le páirtithe leasmhara chun tacú le cur i bhfeidhm phlean teanga Leitir Ceanainn."