Is iad athbheochan, iriseoireacht agus na meáin Ghaeilge, agus an cultúr cló, príomhréimsí taighde Regina Uí Chollatáin, agus tá cuid mhaith foilsithe aici in irisí acadúla agus cultúrtha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is é An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 (2004) a céad leabhar. Saothrú na Gaeilge scríofa i suímh uirbeacha na hÉireann 1700-1850 (comheagarthóir Liam Mac Mathúna 2017) agus Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (comheagarthóir 2015) an dá leabhar is déanaí dá cuid. Is í Cathaoir na Nua-Ghaeilge agus na Litríochta í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ba í Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis í idir 2015 agus 2021.
Bhunaigh Regina MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge (a bhfuil sí ina stiúrthóir air ó 2006 go nuige seo) sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge (ina stiúrthóir air 2008-18) san ollscoil chéanna. Is ball í de Ghrúpa Stiúrtha an Ionaid Náisiúnta Barr Feabhais mar chuid de thogra an rialtais d’ardscileanna teanga (2013 ar aghaidh). Bronnadh ollúnacht chuairte shinsearach uirthi ó Fhondúireacht Ollscoileanna Éireann Cheanada 2012-13 agus bronnadh Comhaltacht Nicholas O’Donnell, Ollscoil Melbourne, uirthi ó Eanáir go Feabhra 2019. Ba í an chéad chathaoirleach í ar an bhFóram uile-oileánda Forbartha Teanga (2014-17) agus bhí sí ina ball den Fhóram uile-oileánda Comhpháirtíochta Teanga (2014-17). Is ball í de Choiste Léann na Gaeilge, Litríocht na Gaeilge agus na gCultúr Ceilteach in Acadamh Ríoga na hÉireann; de Chomhairle Náisiúnta Bhéaloideas Éireann agus de Bhord Acadúil Comhairleach Mhúsaem Litríochta na hÉireann, MoLI. Ó 2008 is ball bunaidh í d’Fhóram Stair Nuachtáin agus Thréimhseacháin na hÉireann, agus ba í an cathaoirleach í idir 2016 agus 2019. Ba í an chéad chathaoirleach í ar Ghradaim Bhunchéime na hÉireann do phainéal na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh (2008-11), agus ba bhall í de chéad bhord stáit TG4 (2007-12). Is painéalaí rialta í ar chláir litríochta agus cúrsaí reatha, agus ar chláir faisnéise ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus BBC.
Is í Regina Uí Chollatáin an Príomhoifigeach/ Déan nua ar Choláiste na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath.
Rugadh agus tógadh Maighréad i dTuaisceart Bhéal Feirste. D’fhreastail sí ar Ollscoil Uladh, áit ar bhain sí céim sa Ghaeilge amach. Chaith sí blianta ag obair mar oifigeach forbartha Gaeilge i mBéal Feirste sula ndeachaigh sí go Coláiste Ollscoile Naomh Muire le Teastas Iarchéime Oideachais a bhaint amach.
Ceapadh Maighréad mar mhúinteoir Gaelscoile i scoil nuabhunaithe ar imeall na cathrach, Gaelscoil Éanna, in 2008. Chuaigh sí ar aghaidh chun caílíocht Ceannasaíochta Príomhoide a bhaint amach agus in 2012 ceapadh í mar phríomhoide sa scoil, atá go fóill ag fás agus ag forbairt.
Tá Maighréad ina ball de CLG Naomh Éanna agus is í Oifigeach Cosanta Leanaí an chlub faoi láthair. Tá Maighréad ina ball de Shinn Féin le blianta beaga anuas agus tá suim mhór aici sa pholaitíocht.
Tá mac amháin ag Maighréad, agus tá dúil mhór acu beirt i gcursaí Gaeilge agus i gcúrsaí cultúrtha. Tá Maighréad an-ghníomhach in obair forbartha na Gaeilge agus i gcúrsaí Gaelscolaíochta i gcathair Bhéal Feirste agus sa cheantar máguaird.
D’fhás Kevin aníos sa Spidéal i gConamara agus tá cónaí air i gceantar Chois Fharraige. Bhain sé céim onóracha amach san Eolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in 2008. I ndiaidh na hollscoile chaith sé mórán blianta ag plé leis an ngnó agus an fhiontraíocht. Sheas Kevin mar iarrthóir le Sinn Féin sna toghcháin áitiúla in 2019 ach theip air suíochán a bhaint. Tá Kevin fostaithe anois mar chomhordaitheoir ar Scéim Shóisialta na Tuaithe i nGaeltacht Chonamara agus Maigh Eo, a reáchtáiltear faoi choimirce Údarás na Gaeltachta. Tugann Scéim Shóisialta na Tuaithe deis d’fheirmeoirí agus d’iascairí beaga tacú leis an obair phobail atá ar siúl ina gceantair féin.
Rugadh agus tógadh Caoimhín ina áit chónaithe, Iarthar Bhéal Feirste. Bhain sé céim le hónóracha amach ar Ollscoil Uladh sa Bhainistiú Eastáit chomh maith le dioplóma sa Staidéar Tionsclaíoch. Ó d’fhág sé an ollscoil in 1997 tá taithí leathan faighte aige ar róil éagsúla sa phobal in Iarthar Bhéal Feirste agus in áiteanna eile in earnáil na Gaeilge agus in earnáil an Bhéarla. Bhí baint lárnach aige le tionscadail phobail straitéiseacha agus é freagrach fosta as cistí pobail shuntasacha a mhealladh agus a bhainistiú. Bhí Caoimhín sé bliana ina chomhairleoir ag Sinn Féin Uachtar na bhFál. Tá sé fostaithe ó bhí 2010 mar Phríomhfheidhmeannach ag Ciste Infheistíochta na Gaeilge, agus ciste rathúil infheistíochta caipitil pobail á bhainistiú acu do phobal na Gaeilge. Fuair Gerry Adams a mbunchiste acu mar chuid de chaibidlíocht na síochána. I gcomhar lena bhord stiúrthóireachta, bhí ról ceannais aige maoiniú caipitil a sholáthar do bhreis agus tríocha tionscadal caipitil straitéiseach Gaeilge sa tuaisceart agus tá infheistíocht sa bhreis ar £20 milliún déanta acu i mbonneagar an phobail. Is maith le Caoimhín a bheith ag taisteal, ag rothaíocht agus ag tomadóireacht scúba.
Rugadh agus tógadh Freda taobh amuigh de Bhaile Átha Luain, i gCo. na hIarmhí. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Cheol aici ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, Dioplóma Iarchéime i Riarachán na nEalaíon ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus MA i Léann an Aistriúcháin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh. Chaith sí tréimhse oiliúna leis an gCoimisiún Eorpach sa Bhruiséil agus tá an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí bainte amach aici chomh maith.
Chuir Freda tús lena gairmréim i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara, agus tá gort na Gaeilge agus an chultúir á threabhadh aici ó shin. D’oibrigh sí mar oifigeach forbartha Gaeilge i gComhairle Contae Ros Comáin, chaith sí sealanna éagsúla ag obair sa Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, mar riarthóir, mar bhainisteoir agus mar stiúrthóir ealaíne, agus bhí sí ina príomhfheidhmeannach le Gnó Mhaigh Eo. Sular tháinig paindéim Covid-19 bhí Freda ag feidhmiú mar oifigeach cumarsáide Gaeilge le Gaillimh 2020, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, agus ó shin i leith tá sí ag obair mar shaoraistritheoir.
Sa bhreis ar a hobair ghairmiúil, d’oibrigh Freda ar feadh na mblianta ar choistí féilte éagsúla, Féile Ealaíon Chathair na Mart agus Féile Chruite Acla ina measc. Tá seónna ardáin léirithe aici, ina measc, dráma nuascríofa ar shaol an Mhaoir Seán Mac Giolla Bhríde, a coimisiúnaíodh go speisialta mar chuid de chomóradh 100 bliain 1916-2016.
Is ceoltóir í Freda a bhfuil a cuid ceoil seinnte aici ar fud an domhain, bhuaigh sí Craobh Uile-Éireann ar an gcruit ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Féile Chruite Uí Chearbhalláin, Céideadh, Co. Ros Comáin, chum sí agus sheinn sí ceol le Branar Téatar do Pháistí, agus chuir sí an clár Geantraí i láthair ar TG4.
Is as Gaeltacht Mhúscraí í Liadh Ní Riada. iarfheisire de Pharlaimint na hEorpa í do Shinn Féin sa tréimhse 2014-2019 ag déanamh ionadaíocht ar an toghcheantar Éire Theas. Bhí Liadh ina comhordaitheoir ar an gCoiste um Buiséid, ina comhalta den Choiste um Iascach agus ina comhalta den Coiste um Chultúr agus Mionteangacha. Chaith sí blianta ag obair ina léirithóir agus stiúrthóir le RTÉ agus TG4 agus bhí sí ina comhalta den choiste bunaithe a chuir TG4 ar an bhfód. Tar éis di éirí as mar oifigeach pleanála teanga do limistéar Gaeltachta Mhúscraí, ceapadh í ina bainisteoir agus stiúrthóir ar Ionad Cultúrtha an Dr Ó Loinsigh, atá suite i mBaile Bhuirne. Tá Liadh pósta le Nicholás Ó Fuaráin agus ina máthair ar thriúr iníochacha. Tá cónaí uirthí lena clann i mBaile Bhuirne.
Is as Latharna, Contae Aontroma, ó dhúchas é Martin, ach tá cónaí air anois i mBun Abhann Dalla i nGlinntí Aontroma. Chríochnaigh Martin printíseacht in 1984 mar innealtóir mara agus d’oibrigh sé ar longa domhainfharraige éagsúla sular aistrigh sé chuig báid farantóireachta paisinéirí ar Mhuir Éireann, ag bogadh trí na céimeanna go príomhinnealtóir sinsearach le linn 30 bliain dó ar muir. In 2010 bhog Martin go post bainistíochta i dtír do na 15 bliana dheireanacha dá shaol oibre. Bhí sé freagrach as saincheisteanna teicniúla, buiséid agus pearsanra agus bainistíochta tionscadail do go leor de na báid farantóireachta Ro-pax ar Mhuir Éireann. Chuaigh sé ar scor faoi dheireadh in 2025 le bheith ag dul do shuimeanna níos pearsanta.
Is ball é Martin de Chumann Lúthchleas Gael Ruairí Óig i mBun Abhann Dalla le blianta fada. Tá sé ar an choiste feidhmiúcháin ó 2016 agus tá sé ceaptha mar oifigeach cultúir faoi láthair. Chomh maith leis sin tá sé ar choiste Ghaeil Ruairí Óig agus Ghaeil na nGlinntí atá ag obair istigh sa chlub agus leis an phobal áitiúil ó 2016, ag eagrú ranganna teanga agus ag cur na teanga chun cinn go háitiúil. Tá an grúpa pobail seo ag fostú oifigeach forbartha faoin Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge ó 2022, ag obair i mórcheantar Aontroma Thuaidh lena n-áirítear Dún Lathaí agus Baile an Chaistil. Is príomhimeacht í Éigse na nGlinntí a bhíonn ann gach bliain, a bhfuil d’aidhm aici aird a tharraingt agus ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht na nGlinntí.
Is as Gaeltacht Chonamara do Gemma Ní Chionnaith. D’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Sailearna in Indreabhán agus ar Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Lean sí lena hoideachas trí mheán na Gaeilge nuair a thug sí faoi staidéar ollscoile. Le linn thréimhse 10 mbliana rinne Gemma staidéar ar chúrsaí éagsúla in Ollscoil na Gaillimhe agus Ollscoil Luimnigh, agus chaith sí 6 bliana díobh siúd ag staidéar trí mheán na Gaeilge.
Is é an cúlra acadúil láidir seo a mhúnlaigh a gairm bheatha, agus í ag obair mar chraoltóir Gaeilge le breis agus 20 bliain anuas. Le linn an ama seo, tá Gemma tar éis réimse cláir éagsúla a chur i láthair don teilifís agus don raidió, lena n-áirítear Rugbaí Beo agus Seó Spóirt ar TG4.
Mar aitheantas ar an obair shuntasach atá déanta aici sa réimse raidió, bronnadh an gradam Pearsa Raidió na Bliana de chuid Oireachtas na Gaeilge uirthi as a cuid oibre ar Géill Slí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá Gemma paiseanta faoi fhás agus forbairt na Gaeilge, agus tá í ag súil lena taithí fhairsing agus a saineolas in oideachas agus craoltóireacht na Gaeilge a úsáid le misean Fhoras na Gaeilge a chur chun cinn.
Is as Doire ó dhúchas d’Eoghan Mac
Cormaic. Is forbróir cluichí Gaeilge agus
údar é. Tá sraith leabhar foilsithe aige i
nGaeilge agus i mBéarla faoi ghnéithe de
stair cimí poblachtánacha ó aimsir na
bhFíníní ar aghaidh. Bhuaigh a chuimhní
cinn, Pluid, faoi na blianta agóide agus
stailce ocrais sna H-Bhlocanna duais an
Oireachtais in 2021 agus bhuaigh Cáibín
an Phápa, a scríobhadh agus é faoi ghlas,
dara duais an Oireachtais in 1992. Chaith
Eoghan tréimhsí ina thánaiste ar
Chonradh na Gaeilge, blianta mar leas-
cheannasaí Ghlór na nGael, mar
chathaoirleach ar ghrúpaí pobail Gaeilge,
mar bhunaitheoir, ball boird agus
cathaoirleach roinnt Gaelscoileanna,
mar bhall de bhord Spleodar, agus mar
bhall de bhord an Fhorais Pátrúnachta.
Chaith sé téarma mar leaschathaoirleach
Fhoras na Gaeilge agus, mar sin, seo an
dara seal dó mar bhall de bhord Fhoras
na Gaeilge
Rugadh agus tógadh Liam i mBaile an
Fhalmharaigh, Co. Baile Átha Cliath.
D’fhreastal sé ar Ghaelscoil Naomh
Pádraig agus Coláiste Cois Life i
Leamhcán.
Bhain sé amach céim bhaitsiléara sa Dlí
agus Stair i gColáiste na hOllscoile Baile
Átha Cliath in 2012. Cháiligh sé mar
chuntasóir cairte in 2017 agus tá sé ina
bhall d’Institiúid Chairte na nIniúchóirí
Inmheánacha ó shin.
D’oibrigh Liam mar iniúchóir ó 2014 go dtí
tús 2018 le PwC. Ó 2018 go dtí an lá inniú
tá sé ina bhainisteoir sinsearach sa roinn
seirbhísí idirbheart.
Rugadh agus tógadh Neasa Ní Chiaráin i
mBaile Átha Cliath agus chaith sí cuid
mhaith dá hóige in iarthar na tíre, i
gContae an Chláir go háirithe. Bhí sí sa
chéad rang riamh i Scoil Mológa agus
chaith sí mórán blianta ag bogadh ó
shuíomh go suíomh leis an scoil nua.
D’fhreastail sí ar iar-bhunscoil i gColáiste
Ráithín, Bré, agus is anseo a thosaigh sí
ag cur spéise sa ríomhaireacht agus sna
nua-theangacha. D’fhreastail sí ar
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar
ar bhain sí a bunchéim amach sa
Ríomhtheangeolaíocht le Gearmáinis.
Bhain sí Céim Máistir amach san
Eolaíocht Chognaíoch i gColáiste na
hOllscoile, Baile Átha Cliath, ansin chaith
sí bliain ag obair le Bard na nGleann i
nGaeltacht Mhuscraí sular fhill sí ar
Bhaile Átha Cliath agus ar Choláiste na
Tríonóide chun tosú ar chéim dochtúra
agus mar bhall d’fhoireann ABAIR.ie mar
ar dhírigh sí a tráchtas ar Fhoghlaim
Ríomhchuidithe Teangacha. Tá sí anois ag
obair mar Ollamh Cúnta Ussher le
Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge. Tá spéis ar leith aici sa cheol traidisiúnta. Tá sí pósta le Richard agus beirt pháistí óga acu, Caoilfhionn agus Oisín.
Rugadh Ola in Lagos, an Nigéir agus tógadh í i mBaile Átha Cliath. D’fhreastail sí ar Ghaelscoil Lios na nÓg agus Coláiste Íosagáin. Is craoltóir, scríbhneoir, léiritheoir cruthaitheach agus comhordaitheoir tionscadail Gaeilge í le Fighting Words. Thosaigh sí ag craoladh le Raidió na Life sa bhliain 2014. Scríobh sí ailt don Irish Times, journal.ie, RTÉ.ie, NÓS.ie agus eile, agus tá roinnt oibre déanta aici le RTÉ, TG4 agus BBC. Is file í agus tá dán dá cuid foilsithe san leabhar Cnámh & Smior chomh maith le Meascra ón Aer a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. In 2018 bhí sí mar stiúrthóir/léiritheoir ar an ngearrscannán What does Irishness Look Like? a fuair ardmholadh. Is comhbunaitheoir í de chuid Beyond Representation, a dhéanann ceiliúradh ar mhná de dhath in Éirinn sa meáin, na healaíona agus gnó. Tá BA i mBéarla, na Meáin agus Staidéar Cultúrtha aici, mar aon le MA i dTáirgeadh Craolacháin ó Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta/ Scoil Scannáin Náisiúnta. Tá ainmniúchán bainte amach aici ar Réalta Óg na Bliana 2019 sna Gradaim Chumarsáide, agus ainmníodh í faoi dhó, in 2018 agus 2019, le haghaidh Ghradam Náisiúnta Meán na Mac Léinn sa chatagóir Iriseoireacht trí Ghaeilge.
Rugadh agus tógadh Rhiannon i Machaire Rátha, Co. Dhoire. Caitheann sí formhór a cuid ama i gceantar Charn Tóchair, ag eagrú imeachtaí óige, cláir cheannasaíochta agus imeachtaí sóisialta d’aosaigh óga.
Bhí Rhiannon mar chuid den chéad dream daltaí a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste Dhoire nuair a d’oscail doirse na scoile in 2015. D’fhreastail sí ansin ar Ollscoil na Banríona, áit ar bhain sí céim BA sa Ghaeilge amach. Fuair sí taithí leathan ar róil éagsúla sa phobal agus in earnáil na Gaeilge i mBéal Feirste agus í ar shocrúcháin oibre mar chuid dá céim agus ar choiste an Chumainn Ghaelaigh.
Chuir Rhiannon suim mhór san abhcóideacht ar son pobal na Gaeilge sa chathair agus in Ollscoil na Banríona le linn a hama ansin. Tá Rhiannon ina ball de Shinn Féin le blianta anuas agus suim mhór aici sa pholaitíocht.
Is aturnae í Mairéad agus tá sí ina páirtí sa chomhlacht dlíodóirí Matheson LLP. Bhain sí amach céim bhaitsiléara sa dlí sibhialta agus céim máistir sa dlí tráchtálta i gColáiste na Ollscoile Baile Átha Cliath sular cháiligh sí mar aturnae in 2011.
Is í Mairéad an t-ionadaí do phobail teanga lasmuigh den Ghaeltacht ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bunaíodh in 2022. Bhain sí amach Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil in 2011 ó Óstaí an Rí. Tá blianta caite aici mar theagascóir agus scrúdaitheoir ar chúrsaí Gaeilge Dhlí-Chumann na hÉireann. In 2014, ceapadh í ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge mar ionadaí Dhlí-Chumann na hÉireann. Bhí sí ar dhuine de bhaill bunaithe Borradh, pobal do chinnirí gnó ag iarraidh an Ghaeilge a chur i gcroílar a saoil phroifisiúnta.
Is as an gCeathrú Rua i gConamara í agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath.