Ár Ról ag Tacú Leatsa

Tacaíonn Foras na Gaeilge leis an bpobal trí na gníomhaíochtaí thíos i réimsí an phobail, an ghnó , na n-ealaíon, na hearnála poiblí, an oideachais & na hóige agus na meán.  

Ag Cumasú Pobal

Líonraí Gaeilge

D’fhógair Foras na Gaeilge próiseas léirithe suime i mí na Nollag 2014 d’iarratasóirí féideartha chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gceantair a bheadh oiriúnach do Líonraí Gaeilge.   

Tá Foras na Gaeilge freagrach as eagraíochtaí a roghnú agus tacaíocht a thabhairt dóibh le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú le Líonra Gaeilge a fhorbairt ina gceantair féin. Roghnaíodh cúig ghrúpa in 2015 chun plean teanga a ullmhú le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge do cheantair lasmuigh den limistéar Gaeltachta chun aitheantas a bhaint amach mar Líonra Gaeilge

Scéim Pobal Gaeilge 2016-2020

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo an Ghaeilge a chur chun cinn, a chothú agus a bhuanú ar bhonn pobail le béim faoi leith ar bhunú gréasáin bhuana agus gréasáin bhuana sna pobail siúd i gcomhar le forais eile an cheantair. Tríd an scéim seo, maoiníonn Foras na Gaeilge gréasán d’Oifigigh Forbartha Gaeilge phobalbhunaithe a fhostaítear ar feadh ceithre bliana. Beidh feidhmeanna éascaithe agus gréasánaíochta ag na hoifigigh sin, mar aon le feidhmeanna a bhaineann le hinstitiúidí eile a fhorbairt ina mbeidh an Ghaeilge á húsáid agus á cur chun cinn chun leas an phobail sin.

Maoiníodh 19 ndeontaí tríd an mbabhta deireanach de Scéim Phobail Gaeilge agus tá léargas ar thorthaí na scéime seo tugtha sa leabhrán Cumasú agus Cothú.

Colmcille

Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, a chuireann chun cinn úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. Tá súil ag Colmcille, mar thoradh ar a chuid oibre, tuiscint ar thaithí ilghnéitheach agus ar chultúr ilghnéitheach phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig a chothú, agus chun plé a spreagadh ar chomhbhuarthaí atá acu maidir le cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, d’fhonn féinmhuinín a spreagadh sna pobail Ghaeilge. 

Tuilleadh eolais faoi scéimeanna deontais agus tionscadail Cholmcille anseo. Tabhair cuairt ar leathanach Shlí Cholmcille ar Facebook anseo.

Misean Bhéal Feirste Thoir

In 2015 aontaíodh tacaíocht trí bliana do Mhisean Bhéal Feirste Thoir a dhíríonn ar ardú feasachta agus ar chumasú an phobail Phrotastúnaigh i leith na Gaeilge. Bronnadh an gradam Ceannaireacht Shibhialta ar Linda Ervine, atá fostaithe trínár ndeontas, as ucht na hoibre atá déanta aici leis an nGaeilge.

An Ghaeilge san Earnáil Ghnó Phríobháideach

Cuireann Foras na Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn trína rannpháirtíocht i bpleanáil straitéiseach i gcomhar le páirtithe leasmhara san earnáil ghnó phríobháideach agus tugtar tacaíocht do lucht gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an nGaeilge a iniúchadh. D’eascair go leor tionscadal fiúntacha ón gcomhoibriú seo thar na blianta lena n-áirítear bróisiúr dátheangach Pháirc Tayto.

Foilsíonn Foras na Gaeilge taighde agus treoir maidir le dea-chleachtas i réimse an ghnó, lena n-áirítear an treoirleabhar nua ar úsáid an dátheangachais ar phacáistíocht, atá ar fáil anseo

GNÓ MEANS BUSINESS

Is roinn faoi leith de shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge é ‘Gnó Means Business’ atá mar fhoinse lárnach eolais ar an nGaeilge i gcomhthéacs na hearnála gnó i gcoitinne. Cliceáil ar an nasc thíos le cuairt a thabhairt ar an suíomh.

GNÓ Means Business

Tá Foras na Gaeilge tiomanta chun tacú leis an lucht gnó an fheidhm phraiticiúil ghnó a bhaineann leis an Ghaeilge a iniúchadh.

Cliceáil anseo

Ábhair Bholscaireachta

Anuas ar an gcomhairle agus tacaíocht a thugann Foras na Gaeilge do lucht gnó, cuirtear ábhair bholscaireachta ar fáil do ghníomhaíochtaí agus d’ócáidí a bhaineann le cúrsaí pobail mar aon le saináiseanna tacaíochta don earnáil ghnó. Is féidir acmhainní, ag brath ar stoc, a ordú anseo.

Is féidir aon fhiosruithe maidir le tacaíocht in earnáil an ghnó a sheoladh chuig gno@forasnagaeilge.ie

Ag Cothú na nEalaíon

Cuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge, na healaíona traidisiúnta, cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn ar bhonn uile-oileáin agus ar bhonn idirnáisiúnta trí pholasaithe maoinithe a cheapadh agus a fheidhmiú. Cuimsíonn an obair seo earnáil na n-ealaíon, féilte, comhdhálacha, siompóisiamaí, ceardlanna oiliúna, foilseacháin, scannáin agus dlúthdhioscaí.

Áirítear Scéim na bhFéilte agus Scéim na gCompántas Drámaíochta i measc na dtionscadal sa réimse seo. Tá tuilleadh eolais faoi na scéimeanna seo ar fáil anseo.

Ag Éascú Úsáid na Gaeilge san Earnáil Phoiblí

Déanann Foras na Gaeilge comhairle, tacaíocht agus scéimeanna oiliúna a chur ar fáil agus a fhorbairt don earnáil phoiblí, i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó dheas agus na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnach nó Mionlaigh ó thuaidh. Le linn 2013, d’fhógair Foras na Gaeilge Scéim na nOifigeach Gaeilge do Thuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil phoiblí. Sa bhliain 2015 reáchtáladh comhdháil do na comhairlí uilig i dTuaisceart Éireann i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus rinneadh plé leathan ar na dualgais áirithe atá ar chomhairlí faoin reachtaíocht faoi seach. Chuige sin chuir Foras na Gaeilge treoircháipéis i dtoll a chéile ina léirítear an reachtaíocht agus samplaí den dea-chleachtas.

Déanann Foras na Gaeilge maoirsiú ar An Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí agus Eagarthóirí. Is cáilíocht ghairmiúil í seo d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí Gaeilge a fheidhmíonn mar dhearbhú i leith caighdeán oibre an aistritheora agus eagarthóra.

Tá sé mar aidhm ag Foras an Gaeilge a chinntiú i gcónaí go mbainfidh foghlaimeoirí taitneamh agus tairbhe as na ranganna a bhfreastalóidh siad orthu faoi Scéim do Sholáthróirí Sainchúrsaí Oiliúna Gaeilgdon Earnáil Phoiblí 2015- 2018. Faoin scéim seo tugadh maoiniú do Ghaelchultúr Teo. le sainchúrsaí Gaeilge a chur ar fáil i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí a reáchtáiltear dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá cúrsaí deartha chomh maith d’fhostaithe ar gá dóibh caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh sa teanga sin.

Oideachas agus Óige

Ionadaíocht

Cuireann Foras na Gaeilge an Ghaeilge chun cinn i ngach gné den réimse oideachais agus tacaímid le foghlaim agus úsáid na Gaeilge mar phróiseas fadsaoil. Glacann Foras na Gaeilge le hionadaíocht ar fhóraim éagsúla agus cuirtear aighneachtaí faoi bhráid choistí agus fhóraim rialtais a bhfuil téarmaí tagartha oideachasúla acu. Tá ról tacaíochta agus comhairliúcháin ag Foras na Gaeilge ar choistí comhairleach na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), na Comhairle Curaclaim, Scrúdacháin agus Measúnaithe (CCSM), na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), agus Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG).

Scéimeanna agus Tionscadail

Tacaíonn Foras na Gaeilge le hiomad tionscnamh oideachais lena n-áirítear, Gaelbhratach i gcomhair le Gael Linn agus Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta. Cuirtear deontais ar fáil do naíscoileanna tríd an gCiste Infheistíochta do Bhunú Soláthar Réamhscolaíochta. Tá dhá mhór-scéim de chuid Fhoras na Gaeilge a dhíríonn ar réimse an oideachais agus na hóige i. Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na nImeachtaí Óige. D’fhreastail na scéimeanna seo ar thuairim agus 9,000 duine óg fud fad an oileáin le linn 2015. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na scéimeanna anseo.

Chomh maith le scéimeanna agus tionscadail a reáchtáil don óige riarann Foras na Gaeilge deontais bhliantúla na gceanneagraíochtaí atá ag gníomhú i réimse an oideachais chomh maith leis an Áisaonad.

Tacaíocht agus Acmhainní Oideachais

Is féidir cur isteach ar thacaíocht do mhúineadh na Gaeilge don bhunleibhéal agus don iar-bhunleibhéal. Tabhair fógra seachtaine le do thoil. Déanfar gach iarracht freastal ar an bpobal ach a dhóthain stoic a bheith ann.  Is féidir tuilleadh eolais faoi na hacmhainní seo a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig oideachas@forasnagaeilge.ie.

Nuálaíocht i réimse na meán

Irisí agus Nuachtain

Tá trí scéim ag Foras na Gaeilge sa réimse seo:

Scéim le haghaidh Nuachtán ar Líne: Tá 328,311 úsáideoir uathúil faoi leith ag tuairisc.ie, de réir staitisticí a chuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, a bhí reatha ar an 15 Nollaig, 2020. Cuireann Tuairisc.ie nuachtlitir laethúil leictreonach ar fáil. Seoladh aip nua i 2016.  

Scéim le haghaidh Iris Stíle Mhaireachtála: De réir staitisticí a chuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, bhí 68,416 cuairteanna ar leith chuig suíomh Nós i 2018, ardú 44% ar an mbliain roimhe sin. Reáchtáladh Gradaim Cheoil Nós dírithe ar nuacheol na Gaeilge den chéad uair in 2015. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Scéim Irise Gaeilge: Tugann Comhar ardán d’iriseoireacht trí Ghaeilge in iris i bhfoirm cóipe crua agus ar líne. Seoladh irisleabhar piarmheastóireacht nua, COMHARTaighde le linn 2015.

Stáisiúin Raidió

Anuas air mhaoiniú d’irisí agus nuachtán maoíníonn Foras na Gaeilge dhá staisiún raidió pobail Ghaeilge tríd an Scéim Raidió Pobail.

Suíomh Tairsí don Ghaeilge

Is suíomh tairsí don Ghaeilge é gaeilge.ie atá á riar ag Foras na Gaeilge. Feidhmíonn an suíomh mar leathanach lamairne a threoraíonn cuairteoirí chuig réimse leathan seirbhísí, eagraíochtaí agus tionscadal a dtacaíonn Foras na Gaeilge leo. Tugann an suíomh ardán d’eagraíochtaí Gaeilge, gnéithe suimiúla, lena n-áirítear foilseacháin, foclóirí agus téarmaíocht, chomh maith leis na meáin shóisialta. 

Anuas air seo, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Conradh na Gaeilge leis an ardán ilmheán, peig.ie, a fhorbairt. Déanann peig.ie folúntais, imeachtaí agus scéalta nuachta a fhoilsiú, le tacú leis an bpobal fanacht thuas chun dáta leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil dóibh.

Chomh maith leis na réimsí thuas, tá Foras na Gaeilge gníomhach i réimsí na léitheoireachta agus foilsitheoireachta agus na foclóireachta agus na téarmaíochta.