Is as an Mhullach Bán, i gContae Ard Mhacha Seán Ó Coinn, áit a bhfuil sé ina chónaí lena bhean Áine.
Tá tréimhsí caite ag Seán mar láithreoir ar BBC Raidió Uladh, mar mhúinteoir Gaeilge ag an dara leibhéal agus mar thaighdeoir in Ollscoil na Banríona Béal Feirste do Scéim Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Lena chois sin, bhí Seán ina bhainisteoir tionscadail san ionad cultúrtha Tí Chulainn ar an Mhullach Bhán, agus ina aistritheoir scrúduithe le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann. Chaith sé tréimhse 10 mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle na Gaelscolaíochta, an foras forbartha Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Naíscoil agus Bhunscoil Ard Mhacha. Ceapadh é ina Leas-phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2011 agus ina Phríomhfheidhmeannach i mí na Nollag 2016.
Is as Tír Eoghain ó dhúchas do Chonall, agus tá cónaí air ansin lena chlann. Tá taithí aige ag obair mar mhúinteoir agus léachtóir in earnáil na Gaelscolaíochta le breis agus fiche bliain anuas. Thosaigh Conall amach ag teagasc i gColáiste Chaitríona in Ard Mhacha agus, ina dhiaidh sin, mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.
Bhain Conall céim (LLB) agus iarchéim (PG Dip) sa dlí amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus ina dhiaidh sin Teastas Iarchéime san Oideachas (T.I.C.O.) amach ó Choláiste Mhuire, Béal Feirste. Lena chois, tá MA sa Nua-Ghaeilge bainte amach aige ó Ollscoil Uladh i mBéal Feirste.
Le taithí mar láithreoir agus mar léiritheoir teilifíse agus raidió aige le BBC Gaeilge agus TG4, sa bhliain 2022 thosaigh sé sa ról mar Eagarthóir Oideachais le TG4, agus tá roinnt blianta caite aige ann ag forbairt acmhainní teagaisc, sraitheanna oideachais agus Fís Scoile TG4. Bíonn Conall ag obair mar thráchtaire agus láithreoir ar chláir spóirt ar TG4.
I nGarastún i gCo. Fhear Manach a tógadh Edel Ní Chorráin. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í (BA sa Ghaeilge agus Matamaitic). D’fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, áit ar bhain sí Teastas Iarchéime san Oideachas agus M.Sc sna hIlmheáin Oideachais amach.
Chaith Edel tréimhsí éagsúla ag múineadh i gColáiste Feirste i mBéal Feirste, i gColáiste Chineál Eoghain i gCo. Dhún na nGall agus mar eagarthóir cúnta le Foras na Gaeilge. Ceapadh í mar bhainisteoir oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, le Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCSM) in 2012 agus le linn na tréimhse sin bhí sí freagrach as acmhainní a sholáthar don earnáil iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge ó thuaidh, acmhainní ar líne ina measc. Ceapadh Edel ina Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais i bhForas na Gaeilge i mí Lúnasa 2017.
Is as Baile Átha Cliath Shane Ó hEidhin. D’fhreastail sé ar Scoil Lorcáin, Baile na Manach, agus Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair. Tá céim céadonóracha aige i gCúrsaí Gnó (Airgeadas & Gearmáinis) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aige agus MSc san Airgeadas Cainníochtúil ó Scoil Ghnó Smurfit.
Tá Shane cáilithe mar chuntasóir agus comhairleoir cánach gairmiúil (FCCA & AITI). Sular ceapadh Shane le Foras na Gaeilge, bhí breis is 10 mbliana de thaithí aige mar bhainisteoir sinsearach le PwC áit ar chuir sé comhairle ar chuid de na comhlachtaí is mó in Éirinn agus thar lear. Bhí deis aige freisin a bheith ag obair mar bhainisteoir le Microsoft (ar iasacht ó PwC) le linn na tréimhse sin. Tá Shane ag plé le gach gné de ghnóthaí corparáideacha i bhForas na Gaeilge idir chúrsaí airgeadais, acmhainní daonna, cumarsáide agus theicneolaíocht na faisnéise.
Tá Breandán ag obair le Foras na Gaeilge ó bunaíodh an eagraíocht in 1999, agus ag obair in earnáil na Gaeilge ó 1994. Le linn a thréimhse le Foras na Gaeilge, agus roimhe sin le Bord na Gaeilge, bhí raon leathan ról ag Breandán. Ag tosú amach in Áis, an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, bhí róil ag Breandán ag plé le forbairt gnó, cumarsáid, caidreamh leis na meáin agus cúrsaí teicneolaíochta sular fhill sé ar Áis mar chlárbhainisteoir in 2011, mar a raibh sé ag obair go dtí gur ceapadh é ina stiúrthóir in 2021. Ina ról mar stiúrthóir, déanann Breandán maoirseacht ar fhorbairt agus ar fheidhmiú polasaithe agus straitéisí i réimsí na Forbartha Pobail agus Gnó, na Meán, na nEalaíon agus na hEarnála Poiblí. Ina theannta sin, tá Aonad Pleanála Teanga Fhoras na Gaeilge agus Colmcille faoina á stiúradh aige, chomh maith le freastal mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta. Tá Breandán ag feidhmiú mar ionadaí Fhoras na Gaeilge ar Choiste Comhairleach an Rialtas um Sheirbhísí Gaeilge.