Máire Mhac an tSaoi (1922-2021), Ráiteas comhbhróin ó Fhoras na Gaeilge, 18 Deireadh Fómhair 2021

Is cúis mhór bhróin d’Fhoras na Gaeilge go bhfuil an mórfhile ceannródaíoch, Máire Mhac an tSaoi, tar éis bháis.

Scríbhneoir, léirmheastóir, abhcóide agus scoláire ab ea Máire, a d’fhreastail ar Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar an Institut des Hautes Études en Sorbonne, agus a rinne staidéar ar theangacha agus ar an Léann Ceilteach. Chaith sí seal ag obair leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha sa Fhrainc, sa Spáinn, in Strasbourg agus sna Náisiúin Aontaithe. Ba bhean ildánach í a bhain an t-uafás amach le linn a saoil, mar dhuine de bheagán taidhleoirí mná dá glúin, agus mar fhile iomráiteach ar bhonn idirnáisiúnta.

Mar fhile agus scríbhneoir a bhí ar comhaois leis an stát, roinn sí léargas ar leith ar shochaí a linne agus fágann a saothar rian buan ar litríocht agus ar fhilíocht na Gaeilge. Is mór an tionchar a bhí,  agus a bheidh, aici ar ghlúine filí agus scríbhneoirí a leanann ina diaidh dá bharr.

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Regina Uí Chollatáin, ‘Ba bhall de dhornán mórfhilí na Gaeilge í Máire Mhac an tSaoi a raibh ról lárnach acu i gclaochlú na dtuiscintí filíochta i rith agus i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. D’oscail sí doirse do ghlúin nua banfhilí le dul i bhfostú le téamaí casta conspóideacha. In Comhar in 1988, léirigh sí tuiscint ar chumhacht na filíochta mar uirlis “chun an aois seo a shaoradh ó chuing na ngnás” níos fearr “ná mar a rinne doscúch” é. Thuig sí an tábhacht le “caint chaighdeánach, chlasaiceach, laethúil an Bhéarla a iompú ina meán draíochta”, bua a bhí go smior inti féin.  Foilsíodh cúig chnuasach dá cuid agus in 1957 luadh Margadh na Saoire (1956) “ar na leabhair is tábhachtaí ar fad dár foilsíodh fós i nGaeilge na haoise seo”. Agus mar a léirítear ina dírbheathaisnéis in 2003 The Same Age as the State, ba léi an aois seo. Mar bhean agus mar fhile, áfach, mairfidh a cáil i bhfad i ndiaidh na haoise seo.’

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, ‘go bhfuil duine de mhórphearsana na Gaeilge ar lár, mórfhile a bhfágfaidh tobar a saothar filíochta a lorg orainn i bhfad i ndiaidh a himeachta uainn, agus a mbeidh pobal Éireann agus na Gaeilge ag tarraingt as le tuiscint a fháil ar ár mbeatha agus ar ár n-áit sa domhan go ceann i bhfad’.

Déanann Foras na Gaeilge comhbhrón lena clann, Patrick agus Margaret, lena leasiníon Fedelma, agus lena muintir agus cairde araon.

 

Portráid:

Ghlac Máire Uí Mhaicín portráid Mháire mar chuid den mhórthionscadal portraidi.ie agus don leabhar Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (Foras na Gaeilge & Comhar). Is féidir teacht ar an bportráid agus ar nóta beathaisnéise Mháire anseo:  https://portraidi.ie/en/maire-mhac-an-tsaoi/

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie