Paula Melvin, Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge

Toghadh Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Chuan na Gaillimhe, Satharn 25 Feabhra 2022. Ag an am céanna tháinig deireadh le seal Uachtaránachta an Dr Niall Comer, a chaith 5 bliana mar Uachtarán ar an gConradh.

 

Is í Paula Melvin arb as Baile Átha Cliath 15 ó dhúchas di atá nuathofa i ról an uachtaráin anois. Is í an 36ú uachtarán ar an gConradh ó bunaíodh an eagraíocht in 1893 agus is í Paula an tríú bean le bheith ina huachtarán ar Chonradh na Gaeilge tar éis go raibh Íte Ní Chionnaith ina huachtarán ó 1985 go 1989 agus Áine de Baróid sa ról ó 1994 go 1995.

 

Tá aithne mhaith ag pobal na Gaeilge san ardchathair ar Melvin cheana féin, mar gheall ar a cuid gníomhaíochtaí uilig i saol na Gaeilge sa chathair go nuige seo. Bhí Paula ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge ó thogh baill an Choiste Gnó í in 2017 agus ba í an bhean ab óige riamh a ceapadh ina Tánaiste i stair an Chonartha. Is iontaobhaí í ó bhí 2014 ann agus is Cathaoirleach í ar Fhochoiste Forbartha na heagraíochta freisin. Ag an leibhéal áitiúil, is comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach í Paula ar chraobh Phobal Gaeilge 15 ina ceantar dúchais i dtuaisceart Átha Cliath. Bhí baint ag Pobal Gaeilge 15 le bunú Coláiste na Tulchann agus tá cuid de na himeachtaí is mó ar domhan le linn Seachtain na Gaeilge eagraithe acu. 

Is ball í de choiste stiúrtha Ógras, de choiste ilchineálachta an Chonartha, de bhord an tsiopa leabhar agus den bhuanchoiste. Déanann Paula freastail ar chruinnithe de Mheitheal Gaeltachta an Chonartha chomh maith. Ba leas-rúnaí í ar chraobh na Gaeil Óga CLG agus ba láithreoir le Raidió na Life í. Bhí sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall. Is ball bunaidh í den fheachtas Twitter #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn Gaeltacht fhíorúil. Toghadh Paula mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ba chathaoirleach í ar Chumann Gaelach an choláiste sin í freisin. Tá Paula fostaithe mar Chlárbhainisteoir ag Coimisiún Fulbright na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil. 

Tar éis a tofa ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, dúirt Paula “Is onóir mo shaoil é, a bheith tofa mar Uachtáran Chonradh na Gaeilge. I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta. Is gá sin a bhaint amach don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus an feachtas sin a bhrú ar aghaidh go mór, le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin trína dteanga féin.

 Chomh maith leis sin, leanfaidh mé leis an troid ar son Acht Gaeilge agus Straitéis Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh. Déanfar cinnte de, go guirfear na forálacha ar fad a baineadh amach le linn Uachtarántacht Niall Comer, maidir le hAcht na dTeanagacha Oifigiúla i bhfeidhm de reir mar atá geallta. Anuas air sin, caithfear a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as an stádas breise don teanga san Aontas Eorpach ó thús 2022 chomh maith. Tá go leor le déanamh againn, ach tá mé ag súil go mór leis. 

 Le linn mo thréimhse Uachtarántachta, tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar an oiread craobhacha agus gur féidir liom. Bhí dhá bhliain an-dúshlánach ag na craobhacha, agus againn ar fad. Is iad na craobhacha croí agus anam an Chonartha. Ba mhaith liom tacú go mór leo san am atá amach romhainn.

 Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr Niall Comer as ucht na sároibre ar fad atá déanta aige le 5 bliana anuas.”

Agus é ag trácht ar a toghadh, dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge “Tréaslaím a toghadh mar uachtarán ar Chonradh na Gaeilge do Paula Melvin. Tá ról an-tábhachtach ag uachtarán Chonradh na Gaeilge ag tabhairt ceannasaíochta don Chonradh mar Cheanneagraíocht atá freagrach as ardú feasachta agus ionadaíocht in earnáil na Gaeilge ar fud an oileáin. Beidh dúshláin mhóra ann anois agus reachtaíocht úr achtaithe ó dheas, agus ar na bacáin ó thuaidh aird an mhórphobail a tharraingt ar na deiseanna a chuireann sin ar fáil. Beidh Foras na Gaeilge, i gcomhar leis na Ceanneagraíochtaí eile, ag súil go mór le bheith ag obair go dlúth le Conradh na Gaeilge faoi stiúir an Uachtaráin úir sna cúig bliana amach romhainn.”