Leabhar Gaeilge le bheith mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022

Is cúis áthais d'Fhoras na Gaeilge go mbeidh leabhar Gaeilge ar fáil mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Tá ríméad ar Fhoras na Gaeilge tionscadal a bheidh faoi stiúir Chlár na Leabhar Gaeilge, an Oireachtais agus Lá Domhanda na Leabhar a fhógairt.

Mar chuid den tionscadal  cuirfear duaisleabhar Réics Carló 2021 (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), atá ar cheann de Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais, ar fáil mar eagrán speisialta Lá Domhanda na Leabhar 2022. Cuirfear an t-eagrán speisialta ar fáil mar chúiteamh ar dhearbháin €1.50.

Beidh Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach agus foilsithe ag Futa Fata i measc teidil mhóra lena n-áirítear Deadly! Irish History: Fun with the Celts and the Vikings! le John Farrelly agus foilsithe ag The O’Brien Press, chomh maith le 12 leabhar ó údair eile, Sharna Jackson, Michael Morpurgo agus Matt Lucas ina measc. Is féidir liosta iomlán na leabhar €1.50 a aimsiú ag worldbookday.com/books

Cuirfidh Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge, maoiniú ar fáil don fhoilsitheoir Futa Fata mar ranníocaíocht i dtreo na gcostas leis an eagrán Lá Domhanda na Leabhar den leabhar Cluasa Capaill ar an Rí a sholáthar do Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Arsa Tadhg Mac Dhonnagáin, Futa Fata, “Tá forbairt mhór tagtha ar leabhair na n-óg sa Ghaeilge le cúig bliana déag anuas agus is céim thábhachtach eile ar an aistear sin leabhar Gaeilge a bheith ar fáil mar chuid den fheachtas Lá Domhanda na Leabhar. Tá an-bhród orainn tigh Futa Fata gurb é Cluasa Capaill ar an Rí an leabhar atá roghnaithe do 2022.”

Agus í ag fógairt na comhpháirtíochta le Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge agus An tOireachtas inniu, seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Lá Domhanda na Leabhar, Cassie Chadderton, “Am le breathnú chun tosaigh i dtreo ár mianta don todhchaí is ea comóradh ár gcúig bliana is fiche ar an bhfód, agus tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge chun leabhar Gaeilge a thabhairt do leanaí ar Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad chéim i gcónaí é i dtreo Lá Domhanda na Leabhar i mí an Mhárta na leabhair ar €1.50 agus na húdair agus na maisitheoirí atá páirteach a fhógairt. Mar gheall ar an mbreiseán tábhachtach seo is féidir linn níos mó a dhéanamh chun leanaí ar fud na hÉireann a spreagadh dúil a chur sa léitheoireacht agus i leabhair ar Lá Domhanda na Leabhar 2022.”

Arsa Laura Rawdon, Clár na Leabhar Gaeilge, “Tá lúcháir ar Chlár na Leabhar Gaeilge go mbeidh leabhar Gaeilge do pháistí mar aon le hacmhainní tacaíochta do pháistí, do thuismitheoirí agus do scoileanna maidir le léitheoireacht na Gaeilge croílárnach i mórfheachtas Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn den chéad uair. Tá súil agam go mbainfidh páistí agus teaghlaigh timpeall na tíre taitneamh as an leabhar Gaeilge álainn seo a léamh agus go spreagfaidh sé tuilleadh léitheoireachta as Gaeilge sa bhaile.”

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais, “Is dul chun cinn fíor-shuntasach é eagrán Lá Domhanda na Leabhar de bhuaicshaothar Ghradam Réics Carló 2021 a bheith mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn an bhliain seo chugainn. Tacaíocht a bheidh ann le grá don léitheoireacht a chothú sa ghlúin óg agus nósmhaireacht saoil a thosú ina measc leabhar Gaeilge a léamh. Fáiltím roimh an deis a thabharfaidh an t-ardán úrnua seo d’fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge le feabhas, cruthaíocht agus sárchaighdeán a gcuid saothar a léiriú do phobal níos leithne.”

Bí linn ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna #LáDomhandanaLeabhar #WorldBookDayIE #WorldBookDayIreland #LoveLeabharGaeilge #LeabharanLae agus déan nasc le pobal ilghnéitheach Lá Domhanda na Leabhar ar líne. Lean sinn ar na meáin shóisialta leis an scéal is déanaí a fháil.

Soiléiriú: Leabhar Gaeilge le bheith mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2022

Is mian le Foras na Gaeilge soiléiriú a dhéanamh ar mhórfhógra a rinneadh ar an 11 Deireadh Fómhair maidir le Lá Domhanda na Leabhar 2022.

Ba é Daifní Díneasár le hÁine Ní Ghlinn, foilsithe ag O’Brien Press, an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar fáil mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar 2009. 

Tá aitheantas ag dul don údar agus don fhoilsitheoir as an gcéim dhearfach seo a ghlacadh le feasacht a ardú faoi leabhair Ghaeilge i measc na hóige.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175     Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie

Nóta don eagarthóir:

Beidh eagrán Lá Domhanda na Leabhar den leabhar Cluasa Capaill ar an Rí ar fáil in Éirinn mar chuid de Lá Domhanda na Leabhar ar an 3 Márta 2022 agus mar chuid de shár-rogha eisiach leabhar £1/€1.50 2022.

Ba mhaith le Lá Domhanda na Leabhar leabhar dá gcuid féin a thabhairt go gach páiste agus duine óg mar chúiteamh ar dhearbhán £1/€1.50 ar an leabhar a roghnaíonn siad. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar conas do dhearbhán a úsáid ag: https://www.worldbookday.com/books/

Baineann an tionscadal píolótach seo le Lá Domhanda na Leabhar 2022 amháin.

Faoin scríbhneoir

Is údar agus colúnaí í Bridget a rugadh i Nua-Eabhrac is a tógadh i Ros Muc, i gConamara.

Tá dhá leabhar dá cuid foilsithe ag Futa Fata: Lúlú agus an Oíche Ghlórach a mhaisigh Steve Simpson agus Ní Mise a Rinne É! a mhaisigh Donough O’Malley. Tá a cuid leabhar aistrithe go Sínis agus Téalainnis agus tá fáil chomh maith orthu i nGaeilge na hAlban. Bronnadh Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Óige, ar Cluasa Capaill ar an Rí. Tá lucht leanúna mór ag Bridget dá colún ar chúrsaí teaghlaigh a fhoilsítear go seachtainiúil ar Tuairisc.ie

Faoin maisitheoir

Is i bPort Láirge atá Shona Shirley McDonald lonnaithe ach is as Albain ó dhúchas di.

I measc na leabhar atá maisithe aici tá an t-urscéal grafach i nGaeilge na hAlban An Smutag Ghaisgeil, agus The Moon Spun Around, cnuasach filíochta le W.B. Yeats (O'Brien Press, 2016). Bhronn Rialtas na hÉireann cóip den leabhar ar Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, in 2017 le linn cuairte ar an Teach Bán Lá Fhéile Pádraig. Roghnaíodh íomhánna ón leabhar céanna do thaispeántas an Illustration Bienniel i mBratasláiv na Slóváice an bhliain chéanna. Bronnadh Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana don Óige, ar An Féileacán agus an Rí in 2020 agus ar Cluasa Capaill ar an Rí in 2021.

Tá eolas maidir le Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn ar fáil ag

Tá eolas maidir le Foras na Gaeilge ar fáil ag

Tá eolas maidir le Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais ar fáil ag