Preaseisiúint: Scrúdú do Shéala an Aistriúcháin le reáchtáil in 2021

Tá lúcháir ar Fhoras na Gaeilge, an eagraíocht a bhfuil freagracht uirthi as creidiúnú Shéala an Aistriúcháin, a dhearbhú go mbeidh scrúdú eile á reáchtáil don Séala in 2021. Bhí éileamh mór ar an scrúdú i mbliana. Cé nach raibh sé beartaithe ach daichead áit a chur ar fáil le haghaidh an scrúdaithe i mbliana, cuireadh deich n-áit sa bhreis ar fáil don scrúdú ar líne ar an 5 Nollaig 2020. De bharr na srianta a bhaineann le COVID-19 b’éigean an scrúdú a eagrú ar líne den chéaduair i mbliana, rud a d’fhág teorainn ar an líon daoine arbh fhéidir iarratas a ghlacadh uathu.

Dúirt Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge, “Bhí éileamh i bhfad níos mó ar an scrúdú i mbliana ná mar a bhí muid ag súil leis, rud atá an-dearfach agus le ceiliúradh. Tá soláthar aistritheoirí an-tábhachtach faoi láthair agus deireadh ag teacht leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach in 2022, agus le reachtaíocht don Ghaeilge ar na bacáin ó thuaidh agus ó dheas. Dá réir sin, beidh sé i gceist againn scrúdú eile a eagrú in 2021, le deis a thabhairt dóibh siúd nár éirigh leo áit a fháil ar an scrúdú i mbliana”.

Dearbhaítear le scrúdú Fhoras na Gaeilge caighdeán na n-aistritheoirí a bhaineann an Séala amach, agus cuirtear a n-ainm le heolaire na ndaoine a bhfuil an Séala gnóthaithe acu ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge, d’eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach atá ar lorg seirbhísí aistriúcháin.

Le cois Shéala an Aistriúcháin, cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht ar fáil le haghaidh roinnt seirbhísí eile do lucht aistriúcháin: tá an tseirbhís ríomhphoist Freagra ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin www.acmhainn.ie le cúnamh a thabhairt do dhaoine maidir le sleachta gairide aistriúcháin nó maidir le ceisteanna faoin litriú nó faoin ngramadach. Tá www.aistear.ie ar fáil le cabhrú le daoine feabhas a chur ar a gcuid scileanna eagarthóireachta agus aistriúcháin. Agus ar ndóigh tá na foclóirí ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie.

Tá liosta reatha na n-aistritheoirí creidiúnaithe ar fáil ar www.forasnagaeilge.ie/seala.