Preaseisiúint – Stiúrthóir Seirbhisí Forbartha, Éamonn Ó hArgáin le dul ar luathscor

Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge go mbeidh Éamonn Ó hArgáin, Stiúrthóir Seirbhisí Forbartha agus Rúnaí an Bhoird, ag dul ar luathscor ag deireadh mhí Aibreáin 2021 tar éis bliain agus daichead ag obair in earnáil na Gaeilge le Bord na Gaeilge agus le Foras na Gaeilge.

Chuir Éamonn tús lena ghairmré le Bord na Gaeilge in 1980 nuair a ceapadh é mar Oifigeach Feidhmiúcháin ag plé le scéimeanna pobail, agus go luath ina dhiaidh sin mar Ardoifigeach Feidhmiúcháin ag plé leis an earnáil phoiblí mar chuid den chéad Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986.

Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge mar fhoras trasteorann in 1999 bhí ról lárnach ag Éamonn mar Rúnaí an Bhoird ag plé le gach réimse de ghnóthaí Fhoras na Gaeilge agus d’earnáil na Gaeilge. Mar Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha, bhí Éamonn ag plé leis an réimse pobal agus gnó, cumarsáid, margaíocht agus feasacht, réimse na hearnála poiblí agus na n-ealaíon agus leis an gclár Colmcille.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go raibh “a thréimhse ag plé le hearnáil na Gaeilge, idir Bhord na Gaeilge agus Fhoras na Gaeilge, le tréaslú le hÉamonn agus gabhaim buíochas leis as a shaothar le Foras an Gaeilge go háirithe. Is beag duine i saol na Gaeilge ná sa saol poiblí nach raibh plé ag Éamonn leo ar fud an oileáin. Níl aon amhras ach go bhfuil a lorg fágtha aige ar bhealach an-suntasach ar earnáil na Gaeilge thuaidh, theas, thoir agus thiar, agus ar gach gné d’Fhoras na Gaeilge. Guím gach rath air sna blianta atá le teacht.”

Críoch