Scéim Deontas Cholmcille 2021

Tá an spriocdháta do Bhabhta 1 den scéim seo curtha siar go dtí an 16 Aibeán 2021. 

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo caidreamh a chothú idir pobail teanga Ghaeilge na hAlban agus na hÉireann  agus Gaeilge na hAlban agus na hÉireann a neartú tríd an chaidreamh seo. Beidh dhá bhabhta den scéim deontas ann in 2021:

Babhta 1

· Spriocdháta Dé Luain 16 Aibreán 2021

· Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2021

· Uasteorainn €12,000/£10,800

Babhta 2

· Spriocdháta Dé Luain 17 Meán Fómhair 2021

· Iarratais le haghaidh tionscadail a gcuirfear tús leo in 2021/2022

· Uasteorainn €12,000/£10,800

Is féidir iarratas a dhéanamh ar suas le 80% de chostais uile an tionscadail. Tá an scéim oscailte d’eagraíocht ar bith atá i riocht an caidreamh a chur chun cinn, agus a bhfuil an cháipéisíocht chuí acu.

Tuilleadh Eolais

Treoir Scéim Deontas Cholmcille 2021

Foirm Iarratas Scéim Deontas Cholmcille 2021