Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon 2020

[countdown id="148239347" format="dHM" serverSync="true" alwaysExpire="false" cLabels="Years,Months,Weeks,Lá,Uair,Nóim,Seconds" cLabels1="Year,Month,Week,Lá,Uair,Nóim,Second" compact="false" tickInterval="1" counter="until" template="default" until="11,22,2019,12,00"]

Beidh Scéim na Mór-Imeachtaí Ealaíon oscailte do ghrúpaí gairmiúla cuí chun deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar mhór-imeachtaí ealaíon nó ar ghnéithe de mhór-imeachtaí ealaíon atá á reáchtáil agus á gcur i bhfeidhm trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil na healaíona teangabhunaithe Gaeilge mar chuid lárnach díobh.

Díríonn an scéim seo ar mhór-imeachtaí a bhfuil d’aidhm acu an Ghaeilge agus na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach mar dhlúthchuid de mhór-imeacht. Lena chois sin díríonn an scéim seo ar na gréasáin shóisialta Ghaeilge, ar an mórphobal agus ar earnáil na n-ealaíon ar bhonn uile-oileáin agus go hidirnáisiúnta.

Spriocdháta: 12 meán lae, Dé hAoine an 22 Samhain 2019

Critéir, foirm iarratais agus cáipéisí gaolmhara: 

2020 Crit Scéim M.I.E. Gaeilge

2020Scéim na Mór-imeachtaí Foirm

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó dheas

Treoir don Seicliosta Cumhdach leanaí_Ó Thuaidh