Scéim Phíolótach CCEA le Gaeilge a theagasc i mbunscoileanna sa chóras Béarla

Cé acu atú ag iarraidh Gaeilge a theagasc don scoil iomlán nó atá tú ag iarraidh díriú isteach ar ghrúpa ar leith nó eochairchéim ar leith, tá cuidiú agus tacaíocht ar fáil ó CCEA duit inniu.

Is féidir díriú isteach ar bhunchomhrá Gaeilge nó ar réimse áirithe den fhoghlaim a luíonn le Curaclam Thuaisceart Éireann, mar shampla, an chorpoiliúint a theagasc trí Ghaeilge. Tá oiliúint CCEA ar fáil i do scoil féin nó i gcnuasghrúpaí le scoileanna áitiúla. Thig leat acmhainní traidisiúnta agus nua a úsáid, a chuideoidh leat an clár is rogha leat a chur i gcrích. Tá idir acmhainní nua agus acmhainní reatha ann a úsáidtear faoi láthair i ngaelscoileanna is féidir a úsáid i gcomhthéacs ar bith, acmhainní is féidir a íoslódáil san áireamh.

Lena chois sin tá naisc go dtí acmhainní agus suíomhanna eile a d’fhéadfá a úsáid. Amharc ar ár suíomh gréasáin, http://ccea.org.uk/curriculum/gaeloideachas/piasch, leis na féidearthachtaí a fhiosrú!