Scríobh Leabhar 2021-22

Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó ionaid oideachais timpeall na tíre

Dé hAoine, 17 Meán Fómhair 2021


Tá Foras na Gaeilge ag fáiltiú roimh iarratais ó ionaid oideachais timpeall na tíre don tionscadal Scríobh Leabhar 2021-22. Is tionscadal é Scríobh Leabhar atá urraithe ag Clár na Leabhar Gaeilge agus beidh sé á reáchtáil i gcomhpháirt le hionaid oideachais éagsúla ar fud na hÉireann.

Tugann Scríobh Leabhar deis do pháistí bunscoile a gcuid leabhar féin a phleanáil, a scríobh, a dhearadh agus a fhoilsiú i nGaeilge. Cuireann sé léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge chun cinn i measc páistí óga.

Beidh dhá rogha ag na páistí maidir leis an gcineál leabhair a scríobhfaidh siad. Is féidir leo leabhar a scríobh de láimh nó is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as aipeanna oideachais ábhartha le cabhrú leis na páistí leabhar digiteach a scríobh más mian leo. Is é príomhfhócas an tionscadal an próiseas scríbhneoireachta féin.

Dúirt Laura Rawdon, Clár na Leabhar Gaeilge, “Tá lúchair orainn Scríobh Leabhar a fhógairt i mbliana. Tabharfaidh Scríobh Leabhar deiseanna do pháistí bunscoile timpeall na tíre a gcuid samhlaíochta a léiriú trí leabhair Ghaeilge a scríobh agus a mhaisiú. Tá súil againn go mbainfidh na páistí an-taitneamh as carachtair agus scéalta spraíúla a fhorbairt mar chuid den tionscadal le linn na scoilbhliana. Tá áthas orainn a fhógairt chomh maith go bhfuil gach eolas maidir leis an tionscadal Scríobh Leabhar ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge.”

Tuilleadh eolais:

Suíomh gréasáin: www.forasnagaeilge.ie/scríobhleabhar
Teagmháil: leabhar@forasnagaeilge.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratais: Dé Luain, an 11 Deireadh Fómhair 2021 ag 5 p.m.