Scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí Gaeilge Fógartha

Tá scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le reáchtáil ag tús mhí na Nollag in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an scrúdú seo dírithe ar dhaoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu agus nár ghnóthaigh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí go dtí seo. Reáchtálfar an scrúdú Dé Sathairn an 2 Nollaig 2017 in dhá ionad de chuid na hollscoile:

  • Campas Chathair na Gaillimhe
  • Ionad na hOllscoile, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Is cáilíocht ghairmiúil aitheanta d’aistritheoirí Gaeilge é an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí a bhunaigh Foras na Gaeilge in 2006. Ó cuireadh tús leis an bpróiseas creidiúnaithe seo d’éirigh le 194 duine an Séala a bhaint amach. Tá an Séala ar an ngradam gairmiúil is tábhachtaí ar fad do shaoraistritheoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí de chuid na hearnála poiblí agus ó chliaint eile. Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge, agus is ón bpainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Líon teoranta áiteanna atá ar fáil don scrúdú; tabharfar tús áite, dá bhrí sin, do na hiarratais is túisce a gheofar. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 4 p.m. Déardaoin an 16 Samhain 2017.

Tá tuilleadh eolais faoi scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí le fáil anseo.