Seán Ó Coinn ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Tá Seán Ó Coinn ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge. Faomhadh a cheapachán ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha inniu. Tagann Seán Ó Coinn i gcomharbacht ar Fherdie Mac an Fhailigh, a chaith tréimhse deich mbliana mar Phríomhfheidhmeannach ar an bhforas trasteorann. Tá cúig bliana caite ag Ó Coinn ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge.
Ag labhairt dó ar na tosaíochtaí a bheidh aige sa phost, dúirt an Príomhfheidhmeannach nuacheaptha,“Beidh mé ag tógáil ar an chomhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le díriú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030” agus aithníonn sé “an tacaíocht mhór atá de dhíth ar na grúpaí éagsúla ar fud na tíre atá ag saothrú ar son na Gaeilge”. Dúirt sé, chomh maith, go bhfuil “foireann thiomanta ag Foras na Gaeilge a bhfuil taithí agus saineolas thar an choitiantacht acu” agus go dtiteann an cúram air “a chinntiú gur féidir leis an fhoireann aghaidh a thabhairt ar na spriocanna uaillmhianacha atá le baint amach”.
Dúirt Ó Coinn go bhfuil na ciorruithe leanúnacha atá déanta ar scéimeanna agus ar chaiteachas Fhoras na Gaeilge ó 2008 i measc na ndúshlán a bheidh roimhe mar cheannasaí. Chuige sin, beidh sé mar thosaíocht aige cur leis an gcaidreamh atá ag Foras na Gaeilge le mórphobal na tíre thuaidh agus theas trí fheasacht a ardú ar chlár leathan oibre Fhoras na Gaeilge.
Beidh Seán Ó Coinn ag dul i mbun a chuid dualgas láithreach mar Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge. Fógrófar post an Leas-Phríomhfheidhmeannaigh, a bheidh lonnaithe in oifig Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste, go luath in 2017.

Tuilleadh eolais:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge
Teil: 0035387 673 6175
Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie