Seirbhísí Riartha Clódóireachta

Iarraidh ar Thairiscint

 

An tSeirbhís atá le cur ar fáil

Iarrtar tairiscintí le haghaidh seirbhísí chun cúram a dhéanamh de na riachtanais seo a leanas a bhaineann le sceidil chlódóireachta an Ghúim:

  • Sonraíocht iomlán clódóireachta a réiteach le haghaidh gach aon fhoilseacháin de réir mar is gá. I measc na nithe a bheidh le cur san áireamh sa tsonraíocht beidh sonraí faoi chineál an pháipéir atá le húsáid, faoi cháilíocht agus faoi mheáchan an pháipéir, faoi chaighdeáin an cheangail, sonraí i dtaobh an chlúdaigh agus na bailchríche atá le cur ar na leabhair.
  • Sonraíochtaí teicniúla breise a sholáthar ó am go ham de réir mar a bheidh siad ag teastáil.
  • Seirbhísí a chuimseoidh plé leis an bhfoireann agus comhairle a chur orthu maidir le dearadh agus leagan amach foilseachán, roghnú clófhoirne agus comhairle eile maidir le ceisteanna teicniúla agus deartha de réir mar a iarrfar iad chomh maith le comhairle maidir le:

-      ullmhú sceideal clódóireachta le haghaidh foilseacháin nua

-      ullmhú sceideal clódóireachta le haghaidh athchlónna.

  • Dul i bpáirt leis an bhfoireann riaracháin agus eagarthóireachta maidir le tairiscintí a mheasúnú agus moltaí a dhéanamh maidir le bronnadh conarthaí clódóireachta.
  • A chinntiú go gcuirfear ar ais chuig an nGúm le haghaidh stórála gach cuid de bhunábhar foilseacháin, dioscaí clódóra agus comhaid chlódóireachta chomh luath agus is féidir i ndiaidh don chlódóireacht a bheith curtha i gcrích.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar phrofaí i gcomhar leis an bhfoireann eagarthóireachta agus rialú cáilíochta a chur i bhfeidhm ar phrofaí leathanaigh, ar réamhphrofaí clódóireachta agus ar réamhchóipeanna. Moltaí deiridh a dhéanamh i dtreo foilseachán a dhearbhú a bheith ‘réidh le clóbhualadh’.
  • Plé leis an gconraitheoir clódóireachta, de réir mar is cuí agus tar éis dul i gcomharle leis an bhfoireann riaracháin agus eagarthóireachta, d’fhonn a chinntiú go gcuirfear an conradh i gcrích go sásúil agus de réir an sceidil agus d’fhonn dul i ngleic le haon deacrachtaí nó le haon cheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an bpróiseas clódóireachta.

 

Leagan amach na Tairisceana

Is gá an t-eolas seo a leanas a bheith sa Tairiscint:

  • Mionchur síos ar chumas an tairgeora chun riachtanais an chonartha a chomhlíonadh, lean n-áirítear sonraí faoina s(h)aineolas teicniúil agus faoi cháilíochtaí cuí a bheith aige/aici i réimse na clódóireachta agus faoi thaithí an tairgeora ar an réimse oibre atá i gceist.
  • Stádas airgeadais an tairgeora, i.e. cé acu trádálaí aonair, comhlacht teoranta etc, é/í. Beidh sonraíocht faoi Dheimhniú Imréitigh Cánach le soláthar sa chás go mbronnfar an conradh ar an tairgeoir.
  • Agus na tascanna atá luaite thuas á gcur san áireamh is gá praghas aonaid (CBL sonraithe san áireamh, más cuí) le haghaidh gach ceann ar leith díobh seo a leanas a bheith tugtha:
  1. Foilseacháin Nua
  2. Athchlónna

Seachadadh na Tairisceana

Is féidir tairiscintí a chur tríd an bpost nó ar an ríomhphost chuig:

Seosamh Ó Murchú

Eagarthóir Sinsearach

An Gúm

Foras na Gaeilge

63-66 Sráid Amiens

Baile Átha Cliath 1

 

somurchu@forasnagaeilge.ie

 

Ba cheart ‘Seirbhísí Clódóireachta’ a bheith breactha ar chlúdaigh litreach nó ar líne theidil ríomhphoist. Is gá Tairiscintí a bheith istigh roimh 5.00 p.m. ar an Aoine, 28 Meán Fómhair 2018.

Is féidir ceist ar bith i dtaobh an phróisis a chur chuig an seoladh thuasluaite chomh maith.

Bronnfar an conradh ar feadh tréimhse trí bliana ar a mhéad.

Tá de cheart ag Foras na Gaeilge a shocrú nach mbronnfar conradh ar bith sa chás nach bhfaighfear aon tairiscint shásúil agus is ag Foras na Gaeilge a bheidh an focal deiridh i dtaobh conradh ar bith a bhronnfar le haghaidh na seirbhísí atá sonraithe.