Seoladh Q-Mharc Gnó le Gaeilge

Seoladh Q-Mharc Gnó le Gaeilge ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath inniu. Cód deonach nua don chleachtas is fearr is ea Q-Mharc Gnó le Gaeilge, atá deimhnithe de réir chaighdeán idirnáisiúnta ISO 9001:2008 ag an NSAI agus atá forbartha ag Foras na Gaeilge i gcomhar le sonraíocht an rialtais agus an tionscail.

 

Tugann an córas gradaim uile-oileáin Q-Mharc Gnó le Gaeilge aitheantas d’eagraíochtaí gnó a dhéanann measúnú, forbairt agus caipitliú ar úsáid na Gaeilge mar uirlis bhreise ghnó agus mhargaíochta ar fud oileán na hÉireann. Bronnadh gradaim ar ghnólachtaí a ghlac páirt i scéim phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge ag ócáid an lae inniu agus tá sé anois oscailte d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud oileán na hÉireann.

 

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Joe McHugh TD, “Tá Foras na Gaeilge le moladh as Q-Mharc Gnó le Gaeilge a fhorbairt, an t-aon chód atá ann go hidirnáisiúnta don chleachtas dátheangach is fearr. Tá creidiúnú ISO ag an gcód deonach ceannródaíoch seo don chleachtas is fearr agus is fearrde a thuilleadh é tacaíochtaí iomadúla ó Fhoras na Gaeilge, a forbraíodh le cabhrú le gnólachtaí san earnáil phríobháideach úsáid na Gaeilge a chur san áireamh mar uirlis chomhlántach mhargaíochta. Tá lúcháir ar mo roinn tacaíocht a thabhairt don tionscnamh eiseamláireach seo agus molaimid do ghnólachtaí san earnáil phríobháideach breathnú go grinn ar na sochair a bhaineann le haitheantas Q-Mharc Gnó le Gaeilge a bhaint amach.”

 

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, “Ba lá mór do thionscal an ghnó in Éirinn agus don dátheangachas ar bhonn idirnáisiúnta ócáid an lae inniu mar ba é Q-Mharc Gnó le Gaeilge an chéad scéim gradaim oifigiúil ar fud an domhain a thugann aitheantas don dátheangachas sa ghnó. Tréaslaím a ngradam leis na gnólachtaí a bhain creidiúnú Q-Mharc Gnó le Gaeilge amach inniu; is eiseamláirí den scoth iad na gnólachtaí seo de na buntáistí a bhaineann le seirbhís dhátheangach a chur fáil, seirbhís a rachaidh chun tairbhe dá ngnó féin chomh maith lena gcuid custaiméirí sna blianta amach romhainn.”

 

Léiríonn Q-Mharc Gnó le Gaeilge feasacht faoin dátheangachas sa ghnó agus sa chultúr chomh maith le tiomantas ina leith trí theanga, tréithe dúchasacha nó ‘Éireannachas’. Anuas air sin, cuireann sé ceannaireacht mhargaíochta in iúl maidir le seirbhís chustaiméara nuálach a sholáthar. Is féidir le gnólachtaí a bhfuil spéis acu seirbhís dhátheangach a chur ar fáil clárú le Foras na Gaeilge agus cuirfear comhairle ar fáil dóibh saor in aisce. Cuirfear tacaíocht mhaoinithe ar fáil le linn 2018 trí Scéim Tacaíochta Gnó Fhoras na Gaeilge a thacaíonn le gnólachtaí comharthaíocht, pacáistíocht, 

suíomhanna gréasáin agus ábhar margaíochta clóite a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar aon leis an Bhéarla.

Críoch

Nótaí don eagarthóir:

 

Faoi Scéim Phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge:

 

Ghlac 7 ngrúpa ar bhonn uile oileáin páirt i scéim phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge agus bronnadh é ar na ngnólachtaí seo a leanas ag ócáid an lae inniu:

 

Gnólacht

Gnó

Teagmháil

Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair,

Gaoth Dobhair,

Co. Dhún na nGall.

Comhar creidmheasa

Teil: 353 749531279/9532783

Ríomhphost: info@gaothdobhaircu.ie Suíomh: www.gaothdobhaircu.ie

Teach Campbell,

Gaoth Dobhair,

Co. Dhún na nGall

Teach lóistín

Teil: 353 749531545

Ríomhphost: info@ teac-campbell.com

Suíomh: www.teac-campbell.com

 

Solas Nua,

Béal Feirste,

Co. Aontroma

Comhlacht dearthóireachta

Tel: +44 (0) 7768 980532

Ríomhphost: solasnua1@aol.com

Suíomh: www.tonybell-solasnua.com

Ligid TV,

Dún Geimhin,

Co. Dhoire

Scannánaíocht

Teil: 078 3368 1143/048 3368

Ríomhphost: info@ligid.net 1143

Suíomh: www.ligid.moonfruit.com

Acmhainní Teoranta,

Baile Átha Troim,
Co. na Mí

Sainchomhairleor digiteach

Teil: +353 1 437 6893

Ríomhphost: conchubhair@acmhainni.ie

Suíomh: www.acmhainni.ie

 

Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne,

An Daingean,

Co. Chiarraí.

Comhar creidmheasa

Teil: 066 91 1919

Ríomhphost: eolas@cccdeo.ie

Suíomh: www.cccdteo.com

Mac Domhnaill Dental

Trá Lí,

Co. Chiarraí.

Fiaclóir

Teil: fiacloir@gmail.com

Ríomhphost: 066 712 1457

Suíomh: www.macdomhnailldental.ie

 

 

Tuilleadh eolais:

Lena fháil amach conas is féidir le do ghnólacht tairbhe a bhaint as Q-Mharc Gnó le Gaeilge déan teagmháil le Foras na Gaeilge:

 

Teil: 353 74 955 8126

Ríomhphost: eolas@qmharc.ie

Suíomh idirlín: www.qmharc.ie

 

Fiosruithe ó na meáin:

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht & Feasacht, Foras na Gaeilge

Teil: 0035387 673 6175    

Ríomhphost: adavitt@forasnagaeilge.ie