Slí gréasán Shlí Cholmcille – cuireadh chun tairisceanna

Iarratas ar thairiscintí le hathbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Shlí Cholmcille agus plean a dhéanamh le feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí agus ar an tsoláthar eolais dóibh

Is mian le Foras na Gaeilge beart scóipe a dhéanamh agus moltaí a fhorbairt le feabhas a chur ar shuíomh gréasáin Shlí Cholmcille in am do 2021, cothrom míle go leith bliain ó rugadh Naomh Colmcille. Chuige sin beidh scileanna eagarthóireachta a bhaineann le hearnáil na hoidhreachta, agus tuiscint ar théacsanna, íomhánna agus ábhar digiteach eile a chur i láthair ar líne, de dhíth.

Nuair a bheas an t-athbhreithniú i gcrích, agus ag brath ar na hacmhainní a bheas ar fáil,  tá súil againn cuireadh eile ar thairiscintí a chur amach don chéad chéim eile d’fhorbairt an tsuímh. 

Cúlra Shlí Cholmcille

Nascann Slí Cholmcille Éire agus Albain le sraith de chonairí a bhaineann le Naomh Colmcille agus naoimh luath-Chríostaí eile. Tá ceithre phríomhghné sa tSlí:

  • Oidhreacht
  • Teanga
  • Pobal (pobail Ghaeilge agus Ghaeilge na hAlban ina measc)
  • Turasóireacht

Baineann an tionscadal Slí Cholmcille le Colmcille, comhpháirtíocht idir Foras na Gaeilge agus a leathbhreac in Albain, Bòrd na Gàidhlig. Tá Foras na Gaeilge ag stiúradh an tsuímh gréasáin thar ceann an dá eagraíocht. Tá an suíomh gréasáin trítheangach i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Béarla.

Tá an t-ábhar agus na híomhánna atá ar an tsuíomh faoi láthair ar ardchaighdeán (féach www.colmcille.org). Níl Foras na Gaeilge ag cur rompu an suíomh a thógáil as an nua. Is é atá siad a iarraidh an suíomh a chur in oiriúint agus eagar a chur ar an ábhar ionas:

  • go riarfaidh sé ar réimse riachtanas cuairteoirí, ag tabhairt léargas don chuairteoir ghinearálta, agus eolas mionsonraithe nuair a bheas feidhm leis sin;
  • gur soiléire an bhaint atá aige le heagraíochtaí comhpháirtíochta in earnáil na hoidhreachta, an phobail agus na turasóireachta (pobail Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban san áireamh);
  • go gcuirfear láithreacha nua atá aitheanta a bheith tábhachtach, agus eolas úr atá tagtha chun solais ó bunaíodh an suíomh gréasáin ar dtús san áireamh ann;
  • go mbeidh sé níos fusa do chuairteoirí a mbealach a dhéanamh tríd agus go mbeidh sé inrochtana ó ghléasanna móibíleacha.
  • go mbeidh córais bhainistíochta inneachair éifeachtach agus furasta a úsáid d’Fhoras na Gaeilge.

Forbairtí ó 2012 i leith

Ó seoladh an suíomh gréasáin in 2012 cuireadh athruithe suntasacha i bhfeidhm. Ina measc seo tá:

  • Google Maps a chur leis
  • atheagar ar chodanna áirithe, mar shampla an chuid ar Oileán Í, leis an tsuíomh gréasáin a choinneáil chun dáta leis an taighde is deireanaí
  • Naisc a thógáil le pobail áitiúla, lena n-áirítear comhpháirtíocht i dtáirgeadh léarscáileanna agus bileoga áitiúla, mar shampla i nGleann Cholm Cille, cathair Dhoire, agus Oileán Leòdhais

Forbairtí sa tseandálaíocht agus i rannpháirtíocht phobail

Ó bunaíodh an suíomh gréasáin tá méadú mór tagtha ar spéis i naoimh luath-Chríostaí agus sna suíomhanna a bhaineann leo, agus tá forbairtí suntasacha ann sa tseandálaíocht agus i léann na meánaoise. Mar shampla, tá pobail áitiúla ag obair i gcomhpháirt le seandálaithe ag Díseart Cholmcille sna Cruacha Gorma, ag Droim Thuama i ndeisceart Dhún na nGall, in Inis Eoghain agus in Inse Ghall. Tá tionchar ag cuid den obair seo ar an ábhar ar an tsuíomh gréasáin, ach tá cuid eile, go háirithe ar láithreacha nach bhfuil ar an tSlí go fóill, go fóill le cur san áireamh. Beidh tuilleadh mapála agus ábhair de dhíth mar gheall air seo.  

 Comhlíonadh an chonartha

Leis an chonradh a chomhlíonadh déanfaidh an t-iarrthóir rathúil na nithe seo a leanas:

  • a dheimhniú cén t-ábhar atá de dhíth
  • a dheimhniú cad é mar is fearr an t-ábhar a tháirgeadh agus eagarthóireacht a dhéanamh air
  • a dheimhniú cad é mar is fearr is féidir leis an tsuíomh eolas a sholáthar do chuairteoirí agus d’eagraíochtaí pobail agus oidhreachta trí:
  1. leathanach nó leathanaigh lamairne, a d’fhéadfadh a bheith do réigiúin ar leith nó do théamaí ar leith, leithéid oidhreacht, seandálaíocht, turasóireacht nó pobail
  2. córas mapála is féidir a úsáid le bealach a dhéanamh tríd an tsuíomh gréasáin. Tabhair faoi deara go bhfuil córas Google Maps ann is féidir a úsáid faoi láthair, ach ní ón leathanach lamairne
  • a dheimhniú cad é mar is fearr na meáin shóisialta a úsáid. Tá leathanach Facebook ag Slí Cholmcille, ach níl fáil air ón tsuíomh gréasáin faoi láthair
  • réamh-mholtaí a chur ar fáil, i gcomhairle le Foras na Gaeilge, agus bunaithe ar an athbhreithniú leis an tsuíomh gréasáin a fheabhsú agus eagarthóireacht a dhéanamh air
  • plean a chur ar fáil maidir le cad é mar is fearr teacht ar an eolas ar an tsuíomh gréasáin agus le heagar a chur air
  • samplaí a chur ar fáil de cad é mar a d’fhéadfaí eagar a chur ar  an téacs i gcodanna éagsúla den tsuíomh gréasáin. I measc na samplaí beidh téacs agus íomhánna, leagan amach agus conair ó leathanach nó leathanaigh lamairne go dtí an t-eolas is mionsonraithe 

Critéir riachtanacha

Taithí ar:

  • eagarthóireacht ar théacs, téacs ar líne san áireamh, agus ar íomhánna
  • ábhar ar líne a chur in oiriúint do ghléasanna móibíleacha agus ríomhairí
  • ábhar ar líne a cheapadh agus a chur in oiriúint agus in eagar lena dhéanamh inrochtana do réimse spriocghrúpaí

Critéir inmhianaithe

  • Taithí agus scil in ábhar a chur in eagar i nGaeilge na hÉireann agus/nó Gaeilge na hAlban 

Is cóir don iarrthóir na nithe a leanas a chur ar fáil:

  • CV agus fianaise ar obair a rinne siad, mar shampla litir mholta ó chliant
  • Sceideal oibre. Is cóir críoch a bheith ar an obair faoin 14 Nollaig 2018
  • Costas ar an obair. Is cóir costas na hoibre a shonrú

 Ní mór an tairiscint agus na nithe thuasluaite a bheith faighte ag Foras na Gaeilge faoin 15 Deireadh Fómhair 2018 ag an tseoladh seo:

Tairiscintí

Colmcille

Foras na Gaeilge

Teach an Gheata Thiar

2-4 Sráid na Banríona

Béal Feirste

BT1 6ED

 

Critéir mheasúnaithe

 

1.

 

Tuiscint shoiléir agus fís an iarrthóra do shuíomh Cholmcille

 

30

 

2.

 

Scil agus taithí in ábhar ar líne a chur in eagar do réimse de spriocghrúpaí

 

20

 

3.

 

Indéantacht an chur chuige a mholtar i bplean an iarrthóra

 

20

4.

 

Fianaise ar nuáil éifeachtach in earnálacha na hoidhreachta agus an chultúir

 

10

 

 

5.

 

Luach ar airgead – ní dhéanfar an cinneadh ar bhonn costais amháin

 

10

 

6.

 

 

Taithí ar shuímh ilteangacha a fhorbairt

 

10

 

 

 

 

Iomlán

 

100

 

Má tá tuilleadh eolais de dhíth gabh i dteagmháil le

Colmcille

Foras na Gaeilge

Teach an Gheata Thiar

2-4 Sráid na Banríona

BÉAL FEIRSTE

BT1 6ED