Is trí na haonaid An Gúm, Áis agus Clár na Leabhar Gaeilge agus trí na mórthionscadail thíos a chuireann Foras na Gaeilge an léitheoireacht agus an fhoilsitheoireacht chun cinn go príomha.
An Gúm
Cuireann An Gúm foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Sa lá atá inniu ann is ag plé ag leis an bhfoclóireacht, le foilsiú téacsleabhar agus áiseanna scoile agus le hábhar léitheoireachta don aos óg is mó a bhíonn An Gúm.
Tabhair cuairt ar mhicreashuíomh an Ghúm anseo le tuilleadh eolais a fháil faoina áiseanna.
Foilseacháin & Ríomhleabhair
Cuireann An Gúm réimse leathan foilseachán i gcló lena n-áirítear áiseanna bunscoile, áiseanna iarbhunscoile, leabhair réamhléitheoireachta, leabhair do pháistí óga, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Tá raon ríomhleabhar agus leaganacha leictreonacha de théacsleabhair le fáil chomh maith (féach leathanach an Ghúim).
Séidean Sí
Tá áiseanna digiteacha á bhforbairt ar an suíomh nua www.seideansi.ie. Tá ábhar fuaime agus cluichí idirghníomacha ar fáil ar an suíomh seo sna trí mhórchanúint chun tacú leis an obair a dhéantar sa seomra ranga.
Tuilleadh eolais: https:https://www.forasnagaeilge.ie/an-gum/
Teagmháil: An Gúm 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, D01 H275.
T: 01 6398400
Twitter: @AnGumFnaG
Facebook: @AnGumFnaG
Instagram: @angumfnag
ÁIS
Bunaíodh Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS) chuin foilseacháin Ghaeilge a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireann Áis seirbhís dáileacháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge agus cinntíonn siad soláthar leabhar Gaeilge ar an margadh.
Teagmháil: Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (ÁIS), Aonad 3, Páirc Ghnó Dhún Seachlainn, Dún Seachlainn, Co. na Mí, A85 V624.
T: 01 6616522
Clár na Leabhar Gaeilge
Cuireann Clár na Leabhar Gaeilge tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus don phobal léitheoireachta i gcoitinne tríd na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas:
Tuilleadh eolais: https://www.forasnagaeilge.ie/funding-schemes-category/leitheoireacht-foilsitheoireacht/
Teagmháil: Clár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge, Ráth Chairn, Baile Áth Buí, Co. na Mí, C15YXC1.
T: 046 9430419