Tuairimí á lorg maidir le Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge 2025-2030

10 Meitheamh 2024 

Tá cuireadh á thabhairt ag Foras na Gaeilge don phobal a dtuairimí a léiriú i leith Treo Straitéiseach Fhoras na Gaeilge 2025-2030.  

Is cuma má chreideann tú gur le pobal na Gaeilge a bhaineann tú, le pobal mionlaigh ar bith, nó leis an mórphobal in Éirinn, nó áit ar bith ar fud na cruinne, tá fáilte roimh chách tuairimí a chur in iúl. Chuige sin, is féidir suirbhé gairid a chomhlánú chun aiseolas ginearálta a thabhairt faoin gcáipéis go léir agus faoi na mórchuspóirí straitéiseacha éagsúla. Tá an rogha ann aighneacht níos faide a chur isteach chun tuilleadh tuairimí a léiriú, go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh ionadaíochta ar eagraíocht nó ar ghrúpa pobail.  

In 2020, d’fhoilsigh Foras na Gaeilge a chéad Treo Straitéiseach inar leagadh amach mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do na blianta 2020-2025. Bunaíodh an Treo Straitéiseach ar phróiseas comhairliúcháin a chuimsigh suirbhé, cuireadh do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí aighneachtaí a sheoladh isteach agus cruinnithe poiblí ar fud an oileáin. 

Anois agus deireadh ag teacht le tréimhse Treo Straitéiseach 2020-2025, is mian le Foras na Gaeilge próiseas comhairliúcháin eile a sheoladh chun tuairimí an phobail a fháil faoi dhréacht nua a chuimsíonn mórchuspóirí straitéiseacha na heagraíochta do na blianta 2025-2030.  

Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, "Tá athruithe móra ag teacht ar an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á forbairt ar fud an oileáin agus thar lear, agus tá na hathruithe sin ag titim amach go gasta. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh Foras na Gaeilge ag leagan amach a chuid tosaíochtaí do na cúig bliana atá romhainn le cos a choinneáil leis na hathruithe sin agus leis na deiseanna a thiocfaidh uathu a thapú. Bíonn obair Fhoras na Gaeilge ag brath go mór ar ghrúpaí Gaeilge, ar phobal na Gaeilge agus ar lucht labhartha na Gaeilge sa mhórphobal. Beidh an Treo Straitéiseach seo níos láidre le hionchur ó na páirtithe leasmhara sin, agus tá súil agam go nglacfaidh an pobal páirt ghníomhach sa chomhairliúchán seo le cur lenár dtuiscintí ar a riachtanais sna cúig bliana atá amach romhainn"   

Is é an spriocdháta chun freagraí an tsuirbhé agus/nó aighneachtaí a chur isteach 1pm Dé hAoine 6 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le freagraí tar éis an ama sin.  

Críoch 

Tuilleadh eolais: 

Tá gach eolas faoin suirbhé agus faoin bpróiseas iona iomláine ar fáil ar shuíomh gréasáin Fhoras na Gaeilge anseo

Is féidir aon cheist faoin bpróiseas comhairliúcháin a sheoladh chuig ts@forasnagaeilge.ie