Tús curtha le comhpháirtíocht stairiúil idir Foras na Gaeilge agus CLG na Mumhan

Bhuail Príomhfheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge agus CLG na Mumhan le chéile inniu le tionscadal comhpháirtíochta idir an dá eagraíocht a dhaingniú. Tá infheistíocht shuntasach dar luach €120,000 á déanamh ag Foras na Gaeilge in CLG na Mumhan thar thréimhse trí bliana ar mhaithe le húsáid na Gaeilge a neartú.

Díreoidh an tionscadal forbartha ar na spriocghrúpaí atá aitheanta ag Foras na Gaeilge – na scoilphobail, imeachtaí pobail agus obair óige. Tá sé mar sprioc aige comhdhlúthú agus buanú a dhéanamh ar na struchtúir atá fadbhunaithe do chur chun cinn na Gaeilge i gCúige Mumhan agus úsáid na Gaeilge a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí dheiseanna sainithe i measc an phobail.

[caption id="attachment_28654" align="alignnone" width="1024"] Ag cruinniú Foras na Gaeilge le Comhairle CLG na Mumhan in Áras Mumhan, Caisleán Nua, Caladh an Treoigh, Luimneach, Dé Céadaoin, (27/6/2023) bhí, ó chlé: Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael; Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, agus Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge; Kieran Leddy, Príomhfheidhmeannach, Cumann Lúthchleas Gael, Comhairle na Mumhan agus Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle na Mumhan CLG[/caption]

Díreofar go sonrach ar dheiseanna oiliúna Gaeilge a chur ar fáil agus deiseanna úsáidte do labhairt na Gaeilge sna clubanna agus ag na cluichí móra agus réigiúnda a fhorbairt. Tabharfar deis d’fhoireann agus do bhaill choistí CLG na Mumhan an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sna róil atá acu agus do bhaill an CLG sa chúige an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid go laethúil.

Neartóidh na céimeanna seo úsáid na Gaeilge ó lá go lá i gcumarsáid agus imeachtaí Chomhairle CLG na Mumhan, agus i seachadadh áiseanna cóitseála agus forbartha. Cruthófar cumarsáid agus caidreamh níos éifeachtaí le clubanna agus muintir na Gaeltachta agus tacófar le Coiste Cultúrtha na Mumhan i gcur chun cinn na Gaeilge.

Leis na forbairtí seo a chur i bhfeidhm, tá Aedín Ní Bhriain ceaptha mar oifigeach forbartha Gaeilge ag CLG na Mumhan as seo go dtí Márta 2026. Dúirt Ger Ryan, Cathaoirleach CLG na Mumhan, “Tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge sa tionscnamh seo, a chuirfidh go mór, tá súil againn, le cur chun cinn na Gaeilge in aonaid CLG ar fud na Mumhan. Tá lúcháir orainn freisin fáilte a chur roimh Aedín Ní Bhriain teacht ar bord. Tugann Aedín léi chuig CLG na Mumhan an-taithí go deo ag cur chun cinn na Gaeilge, agus molaim dár n-aonaid go léir tairbhe a bhaint as an taithí seo agus a bheith gníomhach maidir le cur chun cinn na Gaeilge.”

Arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn, “Chuir Foras na Gaeilge tús le tionscadal comhpháirtíochta den chineál seo den chéad uair le CLG Uladh in 2018. D’eascair torthaí suntasacha agus fadtéarmacha ón chomhpháirtíocht idir 2018 agus 2022 nuair a forbraíodh clár cuimsitheach teagaisc agus oiliúna do chlubanna, traenálaithe agus oifigigh araon. Ó tharla go bhfuil 475 chlub i gCúige Mumhan agus go bhfreastalaíonn breis agus 400,000 duine ar chluichí an CLG sa Mumhain gach bliain, tá deis luachmhar againn an Ghaeilge a neartú i gcroílár an phobail, i bparóistí agus i mbailte na Mumhan tríd an tionscadal seo.”

 

[caption id="attachment_28661" align="alignnone" width="2500"] Páistí a bhí ag freastal ar champa samhraidh Gaeilge CLG Mungarit/Naomh Pól, Luimneach, le hoifigigh CLG na Mumhan agus Foras na Gaeilge. Ó chlé ar chúl tá Ó Colm Ó hArgáin, Ardoifigeach Feidhmiúcháin, Foras na Gaeilge; Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle na Mumhan, Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge; Breandán Ó hAnnaidh, Cathaoirleach Bord na nÓg, CLG Mungarit/Naomh Pól agus Donal Mac Giobúin, Cathaoirleach, CLG Mungarit/Naomh Pól.[/caption]