Údair Óga spreagtha chun foilsithe

Ag ócáidí ar an Luan an 25 Bealtaine agus ar an Máirt an 26 Bealtaine 2015 in Ionad Oideachais Thrá Lí bronnadh gradaim ar roinnt den 1582 dhalta as Ciarraí a cheap, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar Fhoras na Gaeilge. Is í Caitríona Ní Shúilleabháin, moltóir ar an gclár teilifíse Glór Tíre agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh.

Daltaí as naoi scoil déag i gceantar Chiarraí a ghlac páirt in Scríobh Leabhar, i measc suas le 6,500 dalta bunscoile ar fud na hÉireann a scríobh scéal dá gcuid féin i nGaeilge faoin iliomad ábhar. Déantar Scríobh Leabhar a reáchtáil sa cheantar seo trí Ionad Oideachais Thrá Lí i gcomhar le Foras na Gaeilge.  Beidh ócáidí eile ar aon dul leis na searmanais seo ar siúl i gceantair eile as seo go deireadh na scoilbhliana mar cheiliúradh ar a bhfuil bainte amach ag daltaí ar fud na tíre.

Tá páirt glactha ag níos mó ná 35,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain 2006/2007.  Ní hé amháin go scríobhann na daltaí leabhair dá gcuid féin mar chuid den tionscadal seo ach bíonn deis acu chomh maith scéalta le leanaí as scoileanna eile a léamh agus a phlé. Bíonn ról lárnach ag na múinteoirí freisin sa tionscadal Scríobh Leabhar agus cuirtear cúrsa inseirbhíse ar fáil dóibh d'fhonn cuidiú leo cúnamh a thabhairt do na daltaí ina gcuid iarrachtaí. 

“Is deis iontach é seo do leanaí spraoi a bhaint as an nGaeilge agus ag an am céanna a gcuid samhlaíochta a léiriú," a dúirt Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge. “Scríobhann siad faoi gach cineál ábhar, óna laethanta saoire lena muintir, a n-eachtraí lena gcairde, a gcuid peataí agus an saol mór trína súile féin. Ní hamháin go ligeann an scéim seo dóibh leabhar dá gcuid féin a chruthú, idir a scríobh agus a mhaisiú, ach is iontach an bealach é freisin chun misneach a chothú iontu as an gcumas Gaeilge atá acu", a dúirt sí. 

Eagraíonn Foras na Gaeilge an tionscadal Scríobh Leabhar i gcomhar le roinnt de na hIonaid Oideachais, eadhon, Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Ionad Oideachais an Chláir, Ionad Oideachais Iarthar Chorcaí, Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Ionad Oideachais Chora Druma Rúisc, Ionad Oideachais Laoise, Ionad Oideachais Thrá Lí, agus Ionad na Múinteoirí Ghort an Choirce i nDún na nGall.

“Ceann de na príomhaidhmeanna atá againn ná go mbeadh páistí ag scríobh agus ag labhairt na Gaeilge ó bhíonn siad an-óg agus déanann an tionscadal an cuspóir sin a chur chun tosaigh ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil agus baineann na scoláirí óga an taitneamh as bheith ag scríobh a leabhar féin", a dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge.  “Tá muid faoi chomaoin ag na hIonaid Oideachais atá páirteach ann. Tá moladh ag dul dóibhsean, chomh maith leis na daltaí agus na múinteoirí as ucht a fheabhas atá ag éirí leis an tionscadal”, a dúirt sé.

Bhí an méid seo le rá ag Caitríona Ní Chullota, Stiúrthóir Ionad Oideachais Thrá Lí: “Tá an-áthas ar Ionad Oideachais Thrá Lí as an gcur chun cinn agus forbairt atá déanta aige ar an tionscnamh Scríobh Leabhar agus as tacaíocht a chur ar fáil dó, i gcomhpháirtíocht le  gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí eile atá rannpháirteach ann.

Tugann an tionscnamh seo deis spreagthach don pháiste a m(h)othúcháin a léiriú trí mheán na Gaeilge, cothaíonn sé comhoibriú idir pobail scoileanna agus cuirtear na daltaí ar an eolas faoin gcoincheap maidir le hathbhreithniú piaraí agus go háirithe cothaíonn sé cruthaitheacht agus cur chuige iomlánaíoch d'fhorbairt an pháiste.”

** Críoch **

Tuilleadh eolais:

 

Anna Davitt, Clárbhainisteoir: Cumarsáid, Margaíocht agus Feasacht

Teil: 087 6736175     Rphost: adavitt@forasnagaeilge.ie