Cuireadh: Seoladh An Ghúim, 5 Nollaig

Beidh foilseacháin 2019 de chuid an Ghúim á gcur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile i gceannáras Fhoras na Gaeilge, 63–66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1, Déardaoin an 5 Nollaig 2019 ar 6 p.m.

Ócáid spéisiúil a bheidh ann d’aon duine a bhfuil suim acu i leabhair Ghaeilge nó d’aon duine ar mhaith leo bronntanas a roghnú do Ghaeilgeoir. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid shóisialta seo.